Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 23 November 2023

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2023
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

B’fhéidir go scaipfí an t-eolas faoi na rátaí deontais agus na coinníollacha a bhaineann le bheith incháilithe le haghaidh dheontais na Roinne anois ar na hionadaithe poiblí sna Dáilcheantair Ghaeltachta. Bheadh sé thar a bheith úsáideach mar bíonn muide ag plé leis an bpobal an t-am ar fad, mar a bheadh an tAire Stáit ina cheantar féin. Dá mbeadh an t-eolas sin againn tá mé cinnte go bhféadfadh muid tuilleadh daoine a spreagadh le saoráidí níos fearr a chur ar fáil ach go mór mór i gcomhthéacs naíonraí agus coláistí Gaeilge agus na rudaí seo ar fad atá ag tacú leis an teanga. Gan na háiseanna fisiciúla, ní féidir na seirbhísí a chur ar fáil go sásúil.

Bhí comóradh 50 bliain de Choláiste Chamuis ann le déanaí. Ag an am sin ní raibh solas i gcuid de na tithe. Ní ghlacfaí leis sin anois. Bhíodar ag caint faoin gcodarsnacht idir mar a bhí agus mar atá. Tá en-suites agus chuile shórt i gceist i go leor tithe anois. Tá na caighdeáin ag ardú agus caithfidh na caighdeáin sna coláistí féin a bheith ag ardú an t-am ar fad freisin. Dá mbeadh an t-eolas sin againn bheadh sé thar a bheith úsáideach.

Bhí airgead beag ar fáil againn sa gcéad uair agus nuair a fheiceann tú €3.4 milliún ag dul ar ais amach as an bpota Gaeltachta, do RTÉ, chuirfeadh sé mearbhall ort. Chuirfeadh sé scanradh ort mar tá an Vóta Gaeilge agus Gaeltachta ar an ngannchuid. Don Mheastachán Gaeltachta, ní raibh ann ach €20 milliún ó thús agus tá €3.4 milliún imithe de sin so tá sé síos go €17.5 milliún. Tá sé an-bheag ar fad le bheith ag tabhairt airgid ar ais agus go mbeadh sábháil ann. Bheadh mé an-churtha amach faoi sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.