Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 23 November 2023
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2023
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source
Beidh sé sin ceart go leor. Maidir le Sráid Fhearchair, is suíomh an-tábhachtach é an foirgneamh sin agus scéim an-oiriúnach agus an-tábhachtach é don Roinn, don Stát, do Chonradh na Gaeilge agus domsa freisin mar Aire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí. Bhí ceisteanna dlíthiúla ann cheana féin a bhaineann leis an ábhar sin. Tá súil agam go bhfuil siad sin réitithe agus go mbeimid in ann dul ar aghaidh leis an bpróiseas sin go luath.
Maidir leis an gceist a chuir an Teachta faoi ionaid óige agus oideachais, aontaím leis. Tá an-chuid oibre déanta ag an Roinn le hÚdarás na Gaeltachta, na Ranna eile agus leis na comhairlí contae. Ón am a bhí an Teachta i Roinn na Gaeltachta, tá an-chuid oibre déanta ag an Roinn ar na háiseanna atá ar fáil. Tá obair fós le déanamh againn agus mar is eol don choiste tá oifigigh ón Roinn agus oifigigh ó Údarás na Gaeltachta ag dul timpeall agus ag caitheamh ama leis na comharchumainn, ag plé na n-áiseanna ar mhaith leo a bheith ina gceantair féin. Tá an-chuid oibre déanta ar an ábhar sin. B’fhéidir go mbeimid in ann teacht ar ais maidir le cúrsaí caipitil sna ceantair Ghaeltachta.
Maidir le Gaoth Dobhair i dTír Chonaill, chuir an t-údarás réamh-chás gnó faoi bhráid na Roinne i leith ionad oideachais agus óige i nGaoth Dobhair. Bunaithe ar thoradh an cháis sin agus socruithe a rinne an t-údarás ar na roghanna éagsúla, tá sé i gceist anois go ndéanfaidh an Roinn freastal ar ghné oideachais trí thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt foirgnimh ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair. Beidh an t-údarás ag freastal ar riachtanais an óige sa cheantar agus tuigtear go bhfuil club óige lonnaithe i bhfoirgneamh de chuid an údaráis faoi láthair i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Gabhaim buíochas ar mo shon féin agus ar son an Rialtais as an méid oibre atá déanta ag an gCumann Lúthchleas Gael sa cheantar sin. Tá na foirgnimh atá ina measc an-tábhachtach don dul chun cinn sna ceantair sin.
No comments