Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 23 November 2023

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2023
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na Teachtaí. Is allúntas de €2.7 milliún a cuireadh ar fáil i leith chlár caipitil C3 de chuid na Roinne, a bhfuil "scéimeanna tacaíochta Gaeltachta" air mar theideal, i gcáinaisnéis 2023, móide €500,000 tugtha ar aghaidh ón mbliain roimhe sin. Táthar ag breathnú ar shábháil de thart ar €600,000 san allúntas seo i mbliana. Tá sé i gceist é seo a úsáid chun leasa na teanga go fóill trí é a aistriú chuig TG4. Beidh an-bhrú ar an bhfomhír seo sa chúpla bliain amach romhainn agus Údarás na Gaeltachta ar tí cead pleanála a lorg d’fhorbairt an ionad oideachais agus óige nua in Indreabhán. Fuair oifigigh mo Roinne agus oifigigh an údaráis go leor tacaíochta ó na hionadaithe poiblí áitiúla i nGaillimh, a bhfuil roinnt acu sa seomra seo inniu, le beagnach trí bliana anuas ar mhaithe leis an togra seo a thabhairt chun cinn agus táimid sa Roinn fíorbhuíoch as an tacaíocht sin. Cé go bhfuil sábháil sa bhfomhír seo i mbliana, tá fianaise ann anois go bhfuil na coistí áitiúla Gaeltachta tosaithe ag pleanáil don todhchaí arís tar éis na paindéime agus go bhfeicfidh muid borradh ag teacht faoin éileamh ar an bhfomhír seo sna blianta amach romhainn.

Is allúntas de €3.5 milliún a cuireadh ar fáil i leith chlár caipitil C4 de chuid na Roinne, scéimeanna tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeilge, i gcáinaisnéis 2023, móide €1 milliún tugtha ar aghaidh ón mbliain roimhe sin.

Tá roinnt tograí móra le teacht as an mbuiséad seo sna blianta amach romhainn, eadhon athfhorbairt iomlán ar cheannáras Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, atá luaite go sonrach sa phlean forbartha náisiúnta agus i gclár an Rialtais mar aon le hathchóiriú ar Áras na nGael i nGaillimh, atá luaite go sonrach i bplean teanga na cathrach. Bhí roinnt ceisteanna dleathacha agus eile le freagairt i mbliana maidir leis na tionscadail mhóra seo chun iad a bhrú chun cinn agus, dá bharr sin, táthar ag breathnú ar shábháil de thart ar €3.4 milliún san allúntas seo i mbliana. Tá sé i gceist é seo a úsáid chun leasa na teanga go fóill trí é a aistriú chuig TG4 chomh maith.

Is é €4 milliún an t-allúntas atá curtha ar fáil don scéim chaipitil seo anois i gcáinaisnéis 2024. Tá costas measta de €12.1 milliún curtha le 6 Sráid Fhearchair faoi láthair. Mar sin, beidh infheistíocht shuntasach de dhíth ansin suas go 2026. Anuas air sin, is é €1.2 milliún an costas measta atá curtha le hÁras na nGael i gCathair na Gaillimhe a bheidh le teacht go príomha as allúntas 2024. Táthar ag súil le dul chun cinn a dhéanamh ar na tionscadail seo go luath san athbhliain agus tá roinnt tionscadail eile á mbreithniú nó ag céim an staidéir féidearthachta maidir le forbairt ionaid Ghaeilge, ag teacht leis na gealltanais atá tugtha ina leith faoin bplean forbartha náisiúnta agus i gclár an Rialtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.