Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 23 November 2023

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2023
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an choiste as ucht cuireadh a thabhairt dom a bheith i láthair os a gcomhair inniu le labhairt faoi TG4 agus an maoiniú breise atá á mholadh agam chun tacú lena obair i mbliana.

Tá an Ghaeilge an-tábhachtach domsa, go pearsanta agus mar Aire Gaeltachta agus meán araon. Tá ról tábhachtach ag earnáil na meán chun cuidiú le húsáid ár dteanga dúchasaí a chur chun cinn agus a chothú inár saol laethúil. Tá páirt lárnach ag TG4 ina leith seo agus tá cuid mhór déanta aige chun réimse an ábhair Ghaeilge atá ar fáil don phobal a mhéadú, idir spórt, dráma agus cláir faisnéise. Tá sé seo tábhachtach ní hamháin do chainteoirí dúchasacha Gaeilge i gceantair Ghaeltachta agus go náisiúnta, ach dóibh siúd a bhfuil suim acu i bhfoghlaim na Gaeilge agus atá ag iarraidh a nGaeilge a fheabhsú. Tá sé tábhachtach freisin gur féidir le daoine óga an Ghaeilge a fheiceáil agus a chloisteáil ní hamháin ina mbaile nó ina seomraí ranga, ach ar na haerthonnta chomh maith. Dhá mhí ó shin, bhí seoladh rathúil ag Cúla 4, a chuireann ar chumas na nglún óige teagmháil a dhéanamh leis an nGaeilge tríd an meán closamhairc.

Cé go bhfuil de shainchúram ag TG4 craolacháin seirbhíse poiblí a chur ar fáil d’oileán na hÉireann, déanann sé i bhfad níos mó ná sin i ndáiríre. Tá tábhacht le leibhéil mhéadaithe ábhair Ghaeilge mar pháirt den straitéis níos leithne don Ghaeilge agus is infheisteoir suntasach é TG4 san earnáil léiriúcháin neamhspleách Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus i gceantair réigiúnacha ach go háirithe. Mar thoradh ar an maoiniú a chuireann mo Roinn ar fáil, is féidir le TG4 leanúint ar aghaidh lena infheistiú i gcoimisiúnú ábhair Ghaeilge a mhéadú. Leis an infheistíocht seo, cosnaítear agus forbraítear poist agus tacaítear le geilleagair áitiúla. Cruthaíonn sí deiseanna fostaíochta nua agus cuireann sí an deis ar fáil le haghaidh forbartha tallainne breise chomh maith lena bheith ag tacú leis an nGaeilge mar theanga bheo oibre, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Mar shampla, leis an gcomhar Cine4 idir TG4, Fís Éireann agus Coimisiún na Meán, tacaítear le forbairt scannáin fhada Éireannacha a bhfuil caighdeáin léiriúcháin ard acu agus ar féidir leo rath náisiúnta agus fiú idirnáisiúnta a bhaint amach. Tá scannáin cosúil le "Arracht", "An Cailín Ciúin", "Foscadh" agus "Róise agus Frank" ríthábhachtach chun úsáid na Gaeilge a mhéadú laistigh den Stát agus iad ag cur páirt lárnach dár gcultúr agus oidhreacht chun cinn go hidirnáisiúnta ag an am céanna.

Cuirtear bunchistiú ar fáil do TG4 trí fhotheideal E5 de Vóta mo Roinne. Nuair a rinneadh Aire dom in 2020, bhí maoiniú de €37.2 milliún ag TG4. An bhliain seo chugainn, beidh maoiniú de €57 milliún aige. Is méadú é sin de €19.8 milliún, píosa beag níos mó ná 53%. Daingníonn sé seo mo thiomantas féin agus tiomantas an Rialtais i leith tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt agus fás na Gaeilge trínár gcraoltóirí seirbhíse poiblí. Maidir leis an mbliain seo, b’ionann leithdháileadh TG4 agus €52.233 milliún. Bhí leithdháileadh i leith sheoladh Cúla4 san áireamh leis seo. Is cúis áthais dom go bhfuil mé ábalta maoiniú breise de €4 milliún a chur ar fáil do TG4 ó laistigh den leithdháileadh atá ar fáil ag mo Roinn.

Bainfidh TG4 úsáid as an maoiniú breise seo chun costais a chlúdach i leith réimse leathan ábhair bhreise, cosúil le méadú ar chlúdach spórt Éireannach agus mionlaigh; clúdach ar imeachtaí beo cosúil le Fleadh Cheoil, ionas gur féidir le muintir na hÉireann an mórimeacht cultúrtha seo a fheiceáil fiú murar féidir leo a bheith i láthair go pearsanta; tacaíocht don earnáil léiriúcháin neamhspleách; agus tallann Ghaeilge a choinneáil laistigh de réigiúin Ghaeltachta.

Léirítear le gach ní atá luaite agam an tábhacht a bhaineann le hinfheistiú i TG4 i leith na Gaeilge a chur chun cinn. Tá mé ag súil le leanúint ar aghaidh ag cur leis an méid atá bainte amach ag TG4 ar mhaithe leis an nGaeltacht agus le pobail labhartha na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.