Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 November 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhísí Poiblí trí mheán na Gaeilge: An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Beidh áthas ar na finnéithe a chloisteáil nach mbeidh mise i bhfad. Caithfidh mé a bheith in áit éigin eile faoi cheann cúig nóiméad. Tá an dúshlán thar a bheith soiléir. Rinneadh soiléir é nuair a fógraíodh post an Ard-Rúnaí i Roinn na bhfinnéithe féin. Ní raibh sé riachtanach go mbeidh TEG B2 ag an Ard-Rúnaí agus í ag fáil an phoist. Cé nach bhfuil aon leithscéal ann don rud atá déanta, glacaim leis gurb é an leithscéal a thabharfar ná nach bhféadfaí oiread is Ard-Rúnaí amháin a fháil a bheadh cumasach gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá dúshlán ollmhór ann. Tá a fhios againn é sin ón daonáireamh mar níl ach 70,000 duine ann a úsáideann an Ghaeilge chuile lá. Mura bhfuil tú ag úsáid na Gaeilge chuile lá, is beag seans go mbeifeá in ann dul isteach agus jab a dhéanamh. Is cuma liom cé mhéad suirbhé a dhéantar sa tseirbhís phoiblí, tiocfaidh an freagra céanna aníos, is é sin, go bhfuil fíorbheagán daoine sa tseirbhís phoiblí atá cumasach gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá a fhios againn é sin ó bhlianta fada ag plé leis an tseirbhís phoiblí. Labhróidh daoine atá cumasach agus toilteanach Gaeilge a labhairt í leat go deonach ach tá fíorbheagán acu ann.
Tá dara rud ann gur mhaith liom a rá. Is dóigh liom gur dearmad é a bheith ag ceapadh go mbeidh fiú 20% nó 10% de na daoine atá cumasach Gaeilge a labhairt, abraimis i bpobal na hollscoile, ag cur isteach ar jabanna sa státseirbhís. Mar sin, caithfear an t-uafás daoine a chur ar fáil a bheadh in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le go mbeidh an tseirbhís in ann an líon atá á lorg a earcú amach anseo. Tá fíor-dhíomá orm go dtí seo. Tá méid áirithe déanta leis an bprintíseacht agus leis an scéim sna bunscoileanna. Tá go leor ceisteanna curtha ar an Aire ard-oideachais agam. Cé mhéad duine atá ag fáil oiliúint tríú leibhéal – aon chuid de chúrsa – trí Ghaeilge? Cé mhéad airgead atá á chur ar fáil ag an Roinn ardoideachais i leith cúrsaí trí Ghaeilge? Tá an cheist seo curtha míle uair. Ba cheart go ndéarfaí leis an HEA go bhfuil an oiread seo milliún – milliún - ar fáil anois do chúrsaí trí Ghaeilge amháin agus nach féidir é a chaitheamh ar chúrsaí trí Bhéarla. An bhfuilimid ag dul ag déanamh na mbeart sin? Níl na daoine ann i láthair na huaire. Is cuma cé mhéad staidéar a dhéantar, is éasca a oibriú amach nach bhfuil na daoine ann i láthair na huaire.
Ní chreidim go n-iompófar daoine nach bhfuil Gaeilge acu atá istigh sa státseirbhís ina nGaeilgeoirí ar aon scála mór. Is é an t-aon dóchas atá ann ná na daoine atá ag teacht aníos ó na scoileanna. Faraor géar, tá i bhfad níos lú ag teacht ó na scoileanna Béarla a bhfuil fíorchumas Gaeilge acu agus, mar sin, táthar ag brath cuid mhaith ar na scoileanna lán-Ghaelach. Tá riar maith sa mbunscoil, tá riar níos lú sa meánscoil agus, ag an tríú agus an ceathrú leibhéal, is fíorbheagán atá ag déanamh cúrsaí trí Ghaeilge.
Tá ceist amháin theicniúil agam. Tá an Dr. Mac Cormaic ag rá go bhfuil ionadaithe ar an gcoiste ón Roinn Oideachais, ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ón nGarda Síochána, ón nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil agus ó Fhoras na Gaeilge. An gcuirfidh sé eolas ar fáil don choiste ar leibhéal na ndaoine seo ina gcuid eagraíochtaí féin? An bhfuil siad ina bpríomhfheidhmeannaigh? An Ard-Runaithe Roinne iad? Cén leibhéal ar a bhfuil na daoine a cuireadh ar an gcoiste? Bheadh tionchar mór aige sin ar éifeacht an choiste mar, taobh istigh den tseirbhís phoiblí, mura bhfuil tú an-ard sa gcóras, níl mórán tionchar agat.
No comments