Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 November 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhísí Poiblí trí mheán na Gaeilge: An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge
Dr. Aodh?n Mac Cormaic:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. I dtosach báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill an choiste as cuireadh a thabhairt dúinn teacht anseo os a gcomhair inniu chun labhairt faoi obair an choiste comhairligh um sheirbhísí Gaeilge go nuige seo. In éineacht liom inniu, mar a dúirt an Cathaoirleach, tá Sadhbh Ó Cinnseala, príomhoifigeach an aonaid sa Roinn atá ag stiúradh chur i bhfeidhm fhorálacha an Achta, agus Emily Maloney, rúnaí an choiste chomhairligh.
Is treisiú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 atá i gceist leis an reachtaíocht seo agus aithnítear go forleathan go gcuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal má chuirtear i bhfeidhm i gceart é. Is iad príomhspriocanna an Achta neartaithe seo ná go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030; go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí mheán na Gaeilge; go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge; go ndéanfar plean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a fhorbairt; agus go dtiocfaidh córas na gcaighdeán teanga in áit córas na scéimeanna teanga mar atá ann ó 2003.
Ag croílár fhormhór na n-iarrachtaí seo, beidh obair an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge. Is ar ullmhú an chéad phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a bheidh obair an choiste dírithe go príomhúil don chéad dá bhliain chun a chinntiú go ndéanfar é seo a chur i gcrích roimh an spriocdháta den 19 Meitheamh 2024. Tá réimse leathan páirtithe leasmhara clúdaithe leis na heagraíochtaí agus na comhaltaí ag leibhéal sinsearach atá roghnaithe le bheith ar an gcoiste, an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta PFN agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ina measc.
I gcomhréir le feidhmeanna an choiste faoin Acht, thóg an coiste an cinneadh ag a chéad chruinniú anuraidh, taighde a choimisiúnú i leith ullmhú an phlean náisiúnta, agus aontaíodh conradh taighde le hOllscoil na Gaillimhe ag deireadh na bliana seo caite. Leis an taighde agus leis an bplean seo, beifear ag tabhairt aird shonrach ar sprioc earcaíochta uaillmhianach an Achta, atá mar chroí-chuspóir ag an gcoiste, mar aon le breathnú ar na bearnaí atá i soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge, mar atá faoi láthair, a aithint agus straitéisí a mholadh chun dul i ngleic leis sin chun críche iad a áireamh mar chuid de chaighdeáin teanga. Breathnófar chomh maith ar na seirbhísí poiblí a sholáthraítear i agus do limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, LPT, a aithint agus straitéisí a mholadh chun a chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga oibre na n-oifigí sin atá lonnaithe sna limistéir Ghaeltachta agus go bhfuil na seirbhísí sin á soláthar trí mheán na Gaeilge. Breathnófar freisin ar an staid reatha maidir le leibhéal inniúlachta Gaeilge na hearnála poiblí a aithint, agus déanfar moltaí ó thaobh earcú daoine le Gaeilge don earnáil phoiblí.
Mar thaca don obair seo, tá gealltanas Rialtais maidir leis an bplean a chur i bhfeidhm san áireamh i Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse 2030. Tar éis an plean sin a fhoilsiú, beidh dualgas ar an Aire dátaí a leagan síos faoina gcuirfear na seirbhísí poiblí ar fad sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge agus faoina mbeidh gach oifigeach poiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.
Is fiú a lua chomh maith, go mbeidh feidhm ar leith ag an gcoiste faoin Acht sa mhéid seo ó thaobh comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí maidir leis an leibhéal inniúlachta a theastaíonn ó dhaoine chun seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a sholáthar. I gcomhréir le forálacha an Achta, úsáidfear an Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha chun inniúlacht a thomhas.
Sa chomhthéacs seo, mar thoradh ar an gcomhoibriú leanúnach idir an Roinn seo agus an Roinn caiteachais phoiblí ar fheidhmiú an Achta, tá Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, ag déanamh deimhnithe anois ar na cúrsaí a chuireann Gaelchultúr ar fáil do státseirbhísigh thar ceann OneLearning, an t-aonad foghlama agus forbartha don státseirbhís. Agus Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha luaite go sonrach san Acht, ar a bhfuil an córas TEG bunaithe, beidh buntáistí faoi leith ag baint le cáilíochtaí TEG, ní hamháin d’fhoghlaimeoirí ach d’fhostóirí chomh maith.
Is fiú a lua chomh maith gur cuireadh tús le líne bhuiséid nua in 2023, le maoiniú reatha de €1 milliún chun tacú le hiarrachtaí fhorálacha an Achta teanga nua a neadú trasna na hearnála poiblí. Tá allúntas breise de leath mhilliún euro curtha ar fáil faoi cháinaisnéis 2024 freisin chun tionscnaimh nua a mhaoiniú, mar aon le bearta atá idir lámha cheana féin a leathnú amach, lena n-áirítear líonra Gaeilge a bhunú chun tacú le cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge atá ag obair san earnáil phoiblí cheana féin a gcuid Gaeilge a úsáid agus iad i mbun a gcuid oibre; réimse leathan bearta tacaíochta a fhorbairt do chomhlachtaí poiblí i dtaca le cur i bhfeidhm an Achta; agus feasacht a chothú faoin Acht go ginearálta i measc an phobail agus na gcomhlachtaí poiblí.
Mar chuid den réimse leathan bearta tacaíochta atá á bhforbairt, tá gealltanas tugtha i bPlean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí, 2022-2025, a d’fhógair an Roinn breisoideachais agus ardoideachais sa samhradh, go ndéanfar clár printíseachta do speisialtóirí Gaeilge ginearálaithe ag grád oifigigh feidhmiúcháin le hinniúlacht Ghaeilge, agus go ndéanfar é sin a fhorbairt faoin tríú ráithe de 2025.
Taobh istigh dár Roinn féin, beidh próiseas tairisceana le fógairt sa thréimhse ghearr amach romhainn maidir leis an athbhreithniú agus leathnú amach atá i gceist a dhéanamh ar an tionscnamh ardscileanna Gaeilge chun díriú níos mó ar chúrsaí oiliúna agus earcaíochta in Éirinn. Meastar ag an bpointe seo go mbeidh forbairt an chláir printíseachta do speisialtóirí Gaeilge ag teacht leis na feidhmeanna leathnaithe seo den tionscnamh agus iad cinntithe.
Tá aitheanta chomh maith go mbeidh réimse na cumarsáide lárnach do go leor de na hiarrachtaí seo, go háirithe i gcomhthéacs na forálacha fógraíochta a tháinig i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair anuraidh, mar aon leis na dualgais bhreise a bheidh ar chomhlachtaí poiblí go luath postálacha sna meáin shóisialta a fhreagairt sa teanga oifigiúil ina fhaightear iad. Chuige sin, trí obair an choiste, táthar ag breathnú ar roinnt bealaí éagsúla le daoine a mhealladh chuig na róil cumarsáide tábhachtacha seo san earnáil phoiblí, na féidearthachtaí a bhaineann le sruth Gaeilge a reáchtáil mar chuid de chomórtais earcaíochta sa réimse seo, agus tréimhsí taithí oibre agus intéirneachta ina measc. Tá na comhráite cuí ina leith sin ar siúl faoi láthair.
Ó thaobh cúrsaí feasachta, is fiú a lua go ndearnadh deontas méadaithe a cheadú do Ghluaiseacht, seó bóthar Chonradh na Gaeilge, níos luaithe i mbliana chomh maith, suas 85% ar dheontas 2021-22, chun a chumasú dó dul i bhfeidhm ar bhreis is 28,000 duine óg in aghaidh na bliana agus an teachtaireacht láidir a thabhairt dóibh faoi na deiseanna suntasacha fostaíochta a bheidh ann san earnáil phoiblí dóibh siúd le hinniúlacht sa Ghaeilge de thoradh an Achta. Tá i gceist ag an Roinn feachtas mór feasachta náisiúnta a reáchtáil ar an ábhar chomh maith go luath sa bhliain nua.
Mar fhocal scoir, gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt dom féin agus do mo chomhghleacaithe cuntas a thabhairt ar obair an choiste chomhairligh anseo inniu. Tá súil agam go dtabharfaidh sé léargas ar an obair thábhachtach straitéiseach agus chomhordaithe atá ar bun sa chúlra ag gach páirtí atá bainteach leis an bpróiseas. Fáiltím roimh cheisteanna ó bhaill an choiste anois.
No comments