Oireachtas Joint and Select Committees
Friday, 22 September 2023
Joint Oireachtas Committee on Social Protection
Operation and Effect of National and Local Policy on Island Communities: Discussion
Ms Avril N? Shearcaigh:
Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht na gceisteanna sin. Bhain an chéad cheist a d'ardaigh sé le cáblaí nua. Chuir muid ceist ar an Roinn ach ní bhfuair muid freagra ar bith. Labhair mé leis an innealtóir áitiúil de chuid an ESB i gContae na Gaillimhe mar gheall ar na cáblaí. Ónár gcuid comhghleacaithe san Eoraip, tuigeann muid go mbíonn fad de thart ar 30 bliain ar na cáblaí seo go hiondúil. Tá an cábla atá againn thart ar 30 bliain d'aois so d'ardaigh mé ceist leis an ESB maidir leis sin. Is é an freagra a fuair mé ná gur rinneadh tástálacha ar an gcábla thart ar 2016 nuair a bhris an cábla agus nach raibh sé ach thart ar leathbhealach tríd a shaol ag an uair sin. Ó thaobh an ESB, ceapann sé go bhfuil an cábla atá ann faoi láthair sách maith ar feadh 30 bliain eile. Ní thógann sé sin san áireamh nach féidir ach 3 MW a chur ar an gcábla sin. Ní thógann sé sin san áireamh an méid leictreachais atá ag teastáil agus atá in úsáid ar na hoileáin, a bheidh ag ardú de réir a chéile nuair a bheidh muid ag athrú ó bhreoslaí iontaise go dtí fuinneamh in-athnuaite le heat pumps, carranna leictreacha agus rudaí mar sin. Níl sé sin tógtha san áireamh ar chor ar bith. Thaitneodh linn céard is féidir a dhéanamh a phlé leis an Roinn. Sílim féin gur cheart é a roinnt idir cúpla Roinn. Titeann na hoileáin faoi Ranna éagsúla agus sílim go mbeadh deiseanna iontacha ansin le cáblaí nua a chur síos. Aontaím go hiomlán leis an Teachta i dtaobh an snáithín fibre le haghaidh an broadband. Táimid réasúnta maith ar na hoileáin ach, fad is a bheas rudaí ag dul chun cinn ar an mórthír, titfimid taobh thír mura bhfuil an ceangal sin ann. Tá sé sin fíorthábhachtach. Tá a fhios agam freisin go bhfuil ganntanas uisce ar na hoileáin, go háirithe i rith an tsamhraidh. Má tá bealach ina bhfuilimid in ann é seo a réiteach ag an am céanna, is fiú an deis sin a fhiosrú.
Maidir leis na deontais ar na hoileáin, faoi láthair, tá 50% níos mó de dheontas ar fáil do mhuintir na n-oileán ar roinnt de na hoibreacha atá ceadaithe ag an SEAI. Ní chlúdaítear an obair ar fad. Ní chlúdaítear leithéidí PV nó solar thermal. Clúdaítear cuid de na rudaí is costasaí, mar shampla, heat pumps agus insliú taobh amuigh den teach, an external insulation a bhíonn i bhfad níos daoire ná cavity insulation, mar shampla. Clúdaítear cuid de na rudaí. Ní chlúdaítear an one-stop shop atá ag an SEAI. Má tá teaghlach ar na hoileáin ag iarraidh deep retrofit a dhéanamh ar a theach, níl tada breise le fáil acu má úsáideann siad an one-stop shop nó an deep retrofit grant atá ag an SEAI. Tá na deontais aonaracha ann. Tá an 50% breise sin ar fáil ar chuid de na rudaí atá ceadaithe ansin ach níl sé ar fáil ar chuile cheann acu. Teastaíonn i bhfad níos mó tacaíochta ó mhuintir na n-oileán. Teastaíonn uainn méid na ndeontas a ardú ach teastaíonn i bhfad níos mó tacaíochta ó leithéidí SEAI agus mar sin de uainn freisin.
Teastaíonn tacaíocht chun na conraitheoirí a thabhairt amach go dtí na hoileáin. Tá an t-uafás ar siúl ar an mórthír faoi láthair. Tá ganntanas oibrithe ar an mórthír cheana féin. Tá a fhios againn é sin. Tá sé fíordeacair ar fiú an slua a bhfuil heat pumps acu faoi láthair iad sin a fháil serviced. Má tá cothabháil ná rud ar bith mar sin le déanamh ar na rudaí atá againn cheana, tá sé sin fíordeacair a fháil. Feiceann daoine eile é sin agus b'fhéidir nach mbeidh siad ag iarraidh heat pump a fháil mura bhfuil siad in ann an chothabháil a fháil déanta air ina dhiaidh. Caithfimid an fhadhb sin a réiteach. Mar is eol dúinn ar fad, tá costais i bhfad níos mó i gceist le hobair ar bith a dhéanamh ar na hoileáin. Cé go bhfuil roinnt cúnaimh tagtha ón SEAI i dtaobh roinnt de na deontais, ní ghabhann sé sách fada. Caithfimid a bheith in ann breathnú ar an bpictiúr ar fad, ní hamháin ar chuid de na deontais. Caithfimid breathnú ar an bpictiúr fadtéarmach. Má táimid ag dul na tithe sin ar na hoileáin, mar aon leis na gnólachtaí agus foirgnimh ar fad eile atá ar na hoileáin, a thabhairt suas go dtí an leibhéal ard atá ag teastáil, beidh orainn i bhfad níos mó oibre a dhéanamh taobh amuigh de na deontais freisin.
Ag caint ar na báid atá ag taisteal amach chuig na hoileáin, ghlac muid páirt i dtogra INTERREG le gairid darb ainm hydrogen utilisation in green energy, HUGE.
Rinne muid cás-staidéar mar chuid den togra seo ar na báid farantóireachta atá ag teacht chuig na hoileáin. Fuaireamar an-tacaíocht ón gcomhlacht a bhíonn ag freastal ar na hoileáin. Bhreathnaigh muid ar go leor de na féidearthachtaí a bhaineann le, mar shampla, hydrogen a úsáid sna báid. Ó shin, is cosúil go bhfuil na féidearthachtaí ann len é a úsáid agus go dtógfaidh sé neart ama. Is smaoineamh maith é dá mbeadh an Roinn ag breathnú ar an bpictiúr go fadtéarmach ag moladh do na báid ach ag oibriú leo chomh maith mar níl sé éasca. Níl sé éasca ar na báid nó ar na comhlachtaí iad féin an trealamh seo a cheannacht. Tá báid réasúnta nua againn anseo ar na hoileáin. Ní féidir iad sin uilig a scrapáil. Caithfimid réiteach éigin a fháil ar seo ach is cinnte gur cheart don Roinn a bheith ag breathnú air anois agus go mbeadh a fhios ag na comhlachtaí go bhfuil sé seo ag teacht aníos síos an bóthar ach go mbeadh a fhios acu go n-oibreofar leo chomh maith ag an am céanna.
No comments