Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 22 September 2023

Joint Oireachtas Committee on Social Protection

Operation and Effect of National and Local Policy on Island Communities: Discussion

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Tá sé thar cionn cloisteáil faoin obair atá ar bun ag an Aran Islands Energy Co-op. Ag leanacht ón gceist a chuir mo chomhghleacaí, an raibh aon phlé ag an co-op le Roinn na Gaeltachta faoin bhféidearthacht a bheadh ann ceangal leictreach as an nua a chur isteach go dtí an t-oileán a bheadh íoctha go hiomlán ag rannóg na n-oileán agus a cheanglódh an fostáisiún ar an mórthír leis an oileán go díreach le go bhféadfadh an co-op easpórtáil agus iompórtáil tuilleadh, de réir mar a bheadh gá? Níl an ESB ag dul é a dhéanamh ach d'fhéadfadh Roinn na Gaeltachta nó roinn na n-oileán é a dhéanamh. Rinne siad é cheana. An mb'fhiú staidéar a dhéanamh ar cháblaí nua, idir snáithín optaice, leictreachas agus fiú b'fhéidir uisce, a thabhairt isteach go dtí na hoileáin ag an am céanna mar is é an dreideáil an rud a chosnaíonn an t-airgead nuair atá cáblaí á gcur síos? An gceapann Avril Ní Shearcaigh go mba cheart staidéar a thosú air sin agus é sin tionscnaithe ag an Rialtas féin, mar gur jab mór a bheadh i gceist?

Ó thaobh na ndeontas atá ar fáil le haghaidh insliú a dhéanamh ar thithe, an ceart go mbeadh deontas níos airde ar fáil ar na hoileáin de bharr na gcostas breise a bhaineann le hinsliú a dhéanamh ar thithe ar na hoileáin? An bhfuil iarratas déanta ag an co-op ar a leithéid agus cén freagra atá faighte aige? Ar cheart don choiste seo a bheith ag achainí go mbeadh deontas i bhfad níos airde ann, mar a bhí ann cheana, do na hoileáin le haghaidh obair in-athnuaite nó obair cothabhála a dhéanamh?

Maidir leis na tairiscintí a bheadh á lorg do na báid amach anseo, an ceart don Roinn a rá faoi cheann deich mbliana go mbeidh ceist úsáid fuinnimh in-athnuaite sa bhád go hard ar an liosta tosaíochta le haghaidh aon chonradh nua báid le seans a thabhairt do lucht na mbád athrú ón gcóras atá acu go córas in-athnuaite ó thaobh fuinneamh ar na báid atá ag teacht isteach go dtí na hoileáin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.