Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Ms Bairbre Nic Aongusa:
Thar ceann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail, tá a fhios againn nach bhfuil an t-eolas ar fad atá againn ar an website go hiomlán i nGaeilge agus i mBéarla. Tá muid chun athbhreithniú a dhéanamh air sin. Tá roinnt de na leathanaigh suas chun dáta ach tá roinnt eile nach ndearnamar athbhreithniú orthu le cúpla bliain anuas. Tá a fhios againn faoi sin agus tá i gceist againn dul i ngleic leis. Tá sé mar pholasaí againn go mbeadh aon rud nua a théann suas ar an website ar fáil i nGaeilge. Tá muid tiomanta dó sin ach tá a fhios againn nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil do chuid den eolas atá ann le cúpla bliain. Tá súil againn é sin a athrú.
No comments