Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Photo of Ruairí Ó MurchúRuairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source

Caithfimid an tacaíocht seo a thabhairt do dhaoine agus caithfimid amharc air agus an córas is fearr a chur i bhfeidhm mar tá sé an-tábhachtach ar fad. Is dócha go bhfuil cuid mhór tacaíochta de dhíth fosta.

Cad faoi dhaoine atá ag iarraidh déileáil leis na Ranna ar an Idirlíon? Bhí cúpla duine i m’oifig ag amharc ar na websites agus a leithéid. Bhí siad breá sásta leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Ní raibh siad róshásta leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ná an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige mar go raibh na preasráitis agus a leithéid i mBéarla ar an website. Caidé tuairim na bhfinnéithe faoi sin? Iarraim orthu rud beag a rá maidir le Facebook, Instagram agus Twitter freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.