Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Ms Bairbre Nic Aongusa:
Tá muidne tiomanta tacaíocht a thabhairt dár mbaill foirne ar fad dul chuig cúrsaí creidiúnaithe Gaeilge. San áireamh leis seo, tugaimid am do bhaill foirne dul chuig na ranganna i rith uaireanta oibre agus tugaimid am staidéir dóibh chomh maith, mar aon leis an gcaoi a fhaigheann siad am staidéir le cúrsa ar bith eile a dhéanann siad. Sin atá againn mar aidhm sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.
No comments