Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá an cheist seo don chuid is mó de na finnéithe. Maidir le daoine atá ag iarraidh ranganna Gaeilge a dhéanamh, an bhfuil orthu iad a dhéanamh ina n-am féin? Tá muid ag iarraidh muinín a chothú i measc an phobail chun gearán nó teagmháil a dhéanamh le Ranna trí Ghaeilge. Ní dhéanann cuid mhór daoine an teagmháil seo nó ní chuireann siad gearán isteach mar ceapann siad go mbeadh sé mall freagra a fháil agus go mbeidh siad ag fanacht cuid mhór ama.
No comments