Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Ms Deirdre N? N?ill:

Ar dtús báire, sa Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ní choimeádtar cuntais ar líon na nglaochanna gutháin nó litreacha agus ríomhphoist a thagann isteach trí mheán na Gaeilge toisc go bhfuil an líon chomh híseal. Go bhfios dom, an uair dheireanach a fuaireamar glaoch gutháin as Gaeilge ná um Nollaig. Tá oifigeach - duine den bhall foirne sa rannóg cumarsáide - a bhfuil Gaeilge ar a toil aici agus má thagann teachtaireacht isteach ar na meáin shóisialta, agus go bhfuil gá freagra a thabhairt i nGaeilge air, tugann sí siúd an freagra. Níl mórán é sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.