Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Mr. Naoise Grisewood:
Tá níos mó le déanamh againn; tuigimid sin. Ó thaobh comhairliúchán poiblí de, tá ceann curtha amach i nGaeilge agus i mBéarla ón oifig nua Feithiclí Astaíochta Nialasacha Éireann, nó oifig ZEVI. Tá comhairliúchán poiblí ar siúl anois atá ar fáil trí mheán na Gaeilge freisin ach tuigimid go gcaithfimid a bheith níos fearr agus an méid sin a fheabhsú.
No comments