Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Mr. Barry Quinlan:

Tugann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide freagra i nGaeilge ar aon fhiosrú i nGaeilge a fhaightear ó chustaiméirí. Níl eolas agam maidir leis an méid ama a thógann sé. Ó thaobh an éilimh de, sna trí bliana atá imithe thart, fuair an Roinn cúig fhiosrú i nGaeilge san iomlán ó chustaiméirí agus tugadh freagra i nGaeilge ar gach ceann dóibh sin. Is é sin an méid eolais atá agam. Bheadh orm díriú isteach ar an méid ama a thógann sé, mar a dúirt an Teachta ansin, agus nuair a dhéantar iarracht glaoch a chur, an mbíonn an freagra i gceist láithreach. Beidh orm filleadh ar an Teachta faoi sin ach tuigim an cheist ó thaobh leibhéil na seirbhíse atá ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.