Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is léir ó na figiúirí a luadh níos luaithe go bhfuil éileamh íseal go maith ar an nGaeilge sna rannóga éagsúla. Tá siad ag déanamh tomhas nó meas ar na slite difriúla, nó b'fhéidir nach bhfuil siad ag déanamh aon tomhas orthu, i rannóga eile.

Conas a dhéanann siad tomhas ar éileamh na Gaeilge sna rannóga éagsúla? Mar shampla, an bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil an deis sin ar fáil acu, go bhfuil fáilte roimh an nGaeilge, agus nuair a phiocann siad suas an fón go bhfuil an rogha sin acu. Nó an bhfuil a fhios acu go bhfuil an rogha sin acu, nó má théann siad ar aghaidh go dtí an córas uathoibríoch, an bhfuil an rogha acu plé as Gaeilge?

Go minic, má théitear ar aghaidh go dtí an córas Gaeilge, beidh ar an duine teachtaireacht a fhágaint agus b'fhéidir go mbeidh oifigeach éigin ag glaoch ar ais ar an duine i gceann cúpla lá, nó tréimhse eile ama ina dhiaidh sin. Má tá duine ag lorg freagra láithreach, ní úsáidfear é sin, nó b'fhéidir nach mbeadh fonn ar an duine feitheamh air sin.

Ní fheadar an dtomhaistear é sin mar ba cheart go mbeadh sé éasca go leor é sin a dhéanamh leis an gcóras teileafóin má tá daoine ag dul sa treo sin mar go mbeadh sé le feiceáil. An ndéantar tomhas air sin?

Luaigh Deirdre Ní Néill rud a bhí an-suimiúil ansin maidir leis na meáin shóisialta agus ní fheadar faoin teagmháil a bhíonn ar na meáin shóisialta. An gcuirtear an t-eolas sin os comhair na ndaoine as Gaeilge nó an bhfuil aon tomhas á dhéanamh air sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.