Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Mr. Naoise Grisewood:
Tá oifigeach Gaeilge ar fáil sa Roinn ach caithfimid a admháil nach bhfuil mórán éilimh ar na seirbhísí. Léiríonn na figiúirí atá againn go raibh an t-éileamh ar na seirbhísí seo an-íseal. Fuair rannán na seirbhísí ríomhaireachta tiománaithe agus feithiclí glaoch amháin agus dhá fhiosrú i ríomhphost i nGaeilge le dhá mhí anuas, ní bhfuair an t-aonad ceadúnaithe oibreora um iompar bóthair aon fhiosruithe i nGaeilge, agus ní bhfuarthas aon iarratas riamh d’iarratas ar cheadúnais i nGaeilge. Tá an t-éileamh an-íseal ar fad. Tá oifigeach Gaeilge ann áfach agus tá naonúr againn sa Roinn atá available chun freagraí a thabhairt.
No comments