Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Ms Bairbre Nic Aongusa:
Mar a dúirt mé i mo ráiteas tosaigh, níl aon dhifríocht sna spriocdhátaí le haghaidh freagraí i nGaeilge agus i mBéarla. Chomh maith le sin, tá liosta de dáréag sa Roinn atá sásta freagra a thabhairt ar aon fhiosrúchán nó aon cheisteanna a fhaighimid i nGaeilge. Ní choinnímid aon staitisticí ar líon na bhfiosrúchán a fhaighimid trí Ghaeilge. Comhairimid gearáin agus ní bhfuaireamar aon ghearán faoi sheirbhís i nGaeilge go dtí seo.
No comments