Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Mr. Barry Quinlan:

Go raibh míle maith agat, a Sheanadóir. Níor tháinig mórán iarratas chuig an Roinn trí Ghaeilge. Ní raibh ach cúig fiosrúchán i nGaeilge chuig na seirbhísí custaiméirí sa Roinn agus fuair na fiosrúcháin go léir freagra trí Ghaeilge. Ní tharlaíonn sé go ró-mhinic ach faigheann siad freagra go tapaigh. Cosúil leis na Ranna eile, tá daoine sa Roinn ag leibhéil éagsúla le caighdeáin Ghaeilge éagsúla ach déanaimid an-iarracht freagraí a thabhairt i nGaeilge. Maidir leis an rud sin a rinneamar i Ros an Mhíl, is é sin an stíl nua atá againn chun iarracht mhór a dhéanamh agus rudaí mór mar sin a dhéanamh trí Ghaeilge sna comhphobail a dhéanann a gcuid oibre trí Ghaeilge de ghnáth.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.