Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Seán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh na feidhmeannaigh go léir anseo chuig an gcruinniú. Tá cúpla ceist shimplí agam ar dtús. Tosnóidh mé le Barry Quinlan agus rachaidh mé sa treo sin.
Cé mhéid ama a bhíonn custaiméir ag fanacht ar fhreagra trí Ghaeilge ar an teileafón i gcomparáid le duine atá ag lorg seirbhísí trí Bhéarla? An dara cheist atá agam ná an bhfuil an Roinn in ann litir nó ríomhphost trí Ghaeilge a sheoladh san achar ama céanna le litir nó ríomhphost i mBéarla? Cuirim na ceisteanna sin ar chuile dhuine.
No comments