Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 28 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Teagmhálacha agus Idirghníomhaíochtaí idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cainteoirí agus Eagrais Ghaeilge thar lear:Plé
Dr. Se?n ? Riain:
Gabhaim buíochas leis an Teachta as an dá cheist. Ar an chéad cheist, a bhain leis an straitéis, is mór an chabhair stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach leis an teanga. Thug sé ardú stádas di ní hamháin thar lear agus san Eoraip, ach sa bhaile in Éirinn chomh maith. Tá breis agus 200 aistritheoir Gaeilge ag obair anois sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Is mór an dul chun cinn é sin. Tá an ceart ag an Teachta. Cabhraíonn gach rud lena chéile. Cabhraíonn na hAchtanna Gaeilge agus an 20% den fhógraíocht ar an raidió go mór. Táim sa Roinn Gnóthaí Eachtracha le blianta fada agus tugaim faoi deara go scríobhann níos mó daoine óga sa Roinn chugam as Gaeilge le déanaí. Cuireann sé ionadh orm. Tá i bhfad níos mó Gaeilge in úsáid sa Roinn anois ná mar a bhí 20 bliain ó shin. Is dul chun cinn é sin. Faoi láthair, is cuid den straitéis do na hÉireannaigh thar lear agus freagrachtaí aonad na nÉireannach thar lear í ach tá sí ag fás. Chuir sé ionadh orm an líon freagraí a fuaireamar ó na hambasáidí agus consalachtaí, 26 ceann. Tá siad go léir gníomhach. Tá rud éigin ar son na Gaeilge ar siúl acu go léir. Is maith an rud é sin. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a thabhairt dúinn mar thug sé seans dúinn teacht le chéile agus an obair go léir atá ar siúl a chur le chéile i gcáipéis bheag amháin. Cabhraíonn sé sin go mór linn. Tá sé i gceist é sin a chur amach go dtí na hambasáidí ar fad anois le go mbeidh a fhios ag gach ceann acu an obair go léir atá ar siúl ag na hambasáidí agus consalachtaí eile mar bíonn tú ag obair leat féin go minic agus ní bhíonn a fhios agat cad atá ar siúl ag na daoine sna hambasáidí eile. Is maith an rud é gach aon rud a thabhairt le chéile.
Ar an gceist faoi Ghaelscoileanna, chaith mé dhá bhliain san ambasáid i gCanberra agus bhí ionadh orm go raibh eachtra Ghaeilge i Melbourne le ceol Gaelach agus gach aon rud i nGaeilge uair sa bhliain, i Mí an Mhárta.
Ní Lá Fhéile Pádraig a bhí againn in Melbourne san Astráil ach mí fhéile Pádraig. Bhí rudaí Éireannacha ar siúl gach lá ar feadh míosa agus go leor Gaeilge ann. Cuid de na hÉireannaigh a bhí líofa i nGaeilge, bhíodar 30 bliain san Astráil ach bhí an teanga fós acu. Measaim gur an-smaoineamh é sin. Ba cheart a bheith ag smaoineamh ar Ghaelscoileanna mar tá daoine óga ann anois agus tá a bpáistí á dtógáil acu le Gaeilge.
Tá beirt iníon agam féin agus bhí siadsan sa Scoil Eorpach sa Bhruiséil agus bhí seans acu Gaeilge a dhéanamh ar scoil. Is maith an rud é sin mar ní raibh aon íosmhéad i gceist. A lán de na teangacha bhí ort cúigear páistí ar a laghad a bheith ann chun cúrsa a chur ar siúl ach bhí stádas ar leith ag an nGaeilge agus an Mháltais. Mura bhfuil ach páiste amháin ag iarraidh Gaeilge nó Máltais a dhéanamh, cuirfidh an Scoil Eorpach rang ar siúl don pháiste sin. Bhí m’iníon Aisling léi féin ar feadh dhá bhliain agus bhí múinteoir aici di féin, toisc go bhfuil stádas saghas cosanta don Ghaeilge agus don Mháltais agus meastar go bhfuil brú faoi leith ar na mionteangacha mar sin. Is rud thar a bheith dearfach é sin agus is smaoineamh maith é a bheith ag smaoineamh ar chabhrú le heagraíocht Gaelscoileanna. Tá ar a laghad Gaelscoil amháin i ngach contae in Éirinn anois, Thuaidh agus Theas, agus is maith an rud é sin. Tá gá le níos mó le Gaelcholáistí ag an dara leibhéal chomh maith mar tá an-dul chun cinn ag an mbunleibhéal ach tá gá le dul chun cinn níos mó ag an dara leibhéal chomh maith. Mar a luaigh an Seanadóir, leis an nuatheicneolaíocht is féidir linn a bheith i dteagmháil lena chéile anois ar an scáileán. Is cuma cén áit sa domhan a bhfuil muid, is féidir Gaeilge a labhairt le daoine. Gach mí, déanaim Gaeilge a labhairt le daoine in San Francisco, in Vín na hOstaire agus i mBeirlín. Is féidir leis an nuatheicneolaíocht cabhrú go mór leis an nGaeilge. Tá brón orm má labhair mé an iomarca. Gabhaim buíochas as na ceisteanna.
No comments