Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Teagmhálacha agus Idirghníomhaíochtaí idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cainteoirí agus Eagrais Ghaeilge thar lear:Plé

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá roinnt mhaith de na ceisteanna a bhí mé ag iarraidh iad a chur freagartha acu le linn an chuir i láthair. Tá sé sin i gcónaí ina bhuntáiste mhaith. Aontaím le Caoimhín Ó Coigligh i dtaca leis an méid a dúirt sé. Chonaic mé an fógra san Irish Newsinniu maidir leis an leabhar pas nua. Cé gur ábhar dearaidh atá i gceist, is dearadh iontach deas é dearadh an phas. Tá an Ghaeilge feiceálach agus chun tosaigh air agus tá súil agam go bhfanfaidh sé sin mar atá, cibé athruithe a dhéanfaidh an Roinn.

Le soiléiriú ar mhaithe liom féin a fháil, tá dhá cheist agam ag an bpointe seo. Le blianta anuas agus mé ag taistil ar son mo pháirtí féin i Meiriceá Thuaidh agus a leithéid, bhuail mé le grúpaí Éireannacha, mar atá déanta againn ar fad. Chítear pobal na Gaeilge sáite i lár an phobail sin i gcónaí. Tá siad thar a bheith díograiseach agus gníomhach thar sáile. Spreagann siad go mór muid leis an méid atá siad ag baint amach. An bhfuil straitéis ar leith ann don Ghaeilge nó an dtiteann sé faoi bhráid an straitéis don diaspóra? Muna bhfuil, an síleann na finnéithe gur ceart rud a chruthú ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge, go háirithe nuair atá an Ghaeilge ag athrú anseo in Éirinn, mar atá ráite ag an Dr. Ó Riain, i gcomhthéacs an domhan a bheith ag athrú agus cé chomh nasctha atáimid tríd na meáin agus tríd an teicneolaíocht nua?

Is í mo dhara ceist ná an bhfuil teagmháil ar bith déanta ag an Roinn le grúpaí Éireannacha thar lear, go háirithe i dtíortha ar nós na hAstráile, Cheanada agus na Stát Aontaithe, faoi Ghaelscoileanna a bhunú? Déarfainn go mbeadh spéis ag pobail mhóra Éireannacha thar sáile ina leithéid. Maidir le rud atá beartaithe ag an Roinn a dhéanamh, an bhfuil spéis ar bith ag teacht chuig na hambasáidí nó na consulates ón phobal thar lear?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.