Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh Richard Ó hEadhra agus roimh an bhfoireann ó Uisce Éireann. Ar dtús ba mhaith liom tréaslú leis an obair atá déanta ag Uisce Éireann, mar shampla i nGaillimh agus i gConamara, b'fhéidir ó a bunaíodh an eagraíocht agus ar feadh deich mbliana roimhe sin. Tá scéimeanna séarachais nua tógtha i Maigh Cuilinn, ar an Uachtar Ard, i Leitir Fraic, ar an Líonán, san Fhairche, in Áth Cinn, i mBaile Chláir na Gaillimhe agus i Milltown, agus tá Bearna ceangailte isteach le cathair na Gaillimhe. Chomh maith, tá obair ag dul ar aghaidh ar An Spidéal agus tá pleananna ar Chloch na Rón agus ar An gCeathrú Rua. Tá dul chun cinn ann, ach é sin ráite, tá áiteanna eile le fadbhanna le réiteach agus ba mhaith liom cúpla rud a lua ansin.

Luadh sa ráiteas tosaigh ó Uisce Éireann go bhfuil "ráta boilscithe fíor-ard san eacnamaíocht in Éirinn agus ar fud an domhain". Cén impleacht atá ag an ráiteas sin ar obair Uisce Éireann agus ar luach an phacáiste caipitil atá ag Uisce Éireann?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.