Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
B'fhéidir gur eisceacht é Béal Átha an Ghaorthaidh ach rinneadh CCTV anuraidh agus fós níl cinneadh déanta mar gheall ar conas go n-athrófaí nó go bhfuil píobán le n-athrú nó conas a dhéanfaí é. An eisceacht é sin nó an féidir filleadh chugainn agus freagraí cinnte a thabhairt mar gheall ar cé chomh tapa is a bheidh an píobán sin á athrú? Seo píobán thart ar 150 m tríd lár sráidbhaile Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Cathain ar féidir cinneadh a dhéanamh mar gheall ar é a athrú? Cathain a dhéanfaidh Uisce Éireann an cinneadh? Cén fáth go mbeadh sé ag tógáil chomh fada sin? Fillfimid ar an bpointe eile am eile. Ní theastaíonn uaim a bheith ag cur baic ar gach éinne eile.
No comments