Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Mr. Richard ? hEadhra:

Bail ó Dhia oraibh tráthnóna, a Chathaoirligh agus a baill den choiste. Is mise ceannasaí cumarsáide réigiúnach d'Uisce Éireann, nó Irish Water mar a bhí. I mo theannta inniu tá mo chomhghleacaithe an Dr. Edmond O’Reilly, bainisteoir um phleanáil sócmhainne, a bheidh ag feidhmiú ina cheannasaí d’Uisce Éireann inniu agus freagróidh sé aon cheisteanna a bheidh ag comhaltaí maidir le cúrsaí fuíolluisce nó séarachais; Des Joyce, ceannasaí um sholáthar uisce, a bheidh in ann aon cheisteanna maidir le huisce óil a fhreagairt; agus Sorcha Heaphy, oifigeach saorála fáisnéise, a fhreagróidh aon cheisteanna maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.

Thar mo cheann féin, mar fear Gaeltachta, thar cheann mo chomhghleacaithe agus ar son na heagraíochta, gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis aitheasc a thabhairt dó inniu ar na seirbhísí uisce agus séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta.

Sonraítear i bplean straitéiseach maoiniúchán agus sa bplean um infheistíocht caipitil Uisce Éireann ár n-uaillmhian maidir le hionaid cóireála uisce, ionaid cóireála fuíolluisce, líonraí uisce agus séarachais a thógáil, a dheisiú agus a uasghrádú. Déanfaimid infheistíocht de €5.3 billiún i seirbhísí uisce ó 2020 go 2024, a rachaidh chun tairbhe na heacnamaíochta agus na timpeallachta ó cheann ceann na tíre. Sa bhliain 2022 agus den chéad uair riamh, rinne Uisce Éireann infheistíocht de bhreis agus €1 billiún, nó €1.061 billiún, ar chaiteachas caipitil. Arís, seo infheistíocht a rachaidh chun tairbhe do na mílte pobal timpeall na tíre.

I láthair na huaire tá an chéad phlean náisiúnta acmhainní uisce á chur i gcrích ag Uisce Éireann. Sa phlean seo, déanfar athbhreithniú ar infhaighteacht fhadtréimhseach uisce agus ar an riachtanas ar sholáthar uisce don tír thar na 25 bliana amach romhainn. Tugadh san áireamh, agus an próiseas seo á chur le chéile, na soláthraí uisce uilig a fhreastalaíonn ar cheantar Gaeltachta. De réir mar a éilítear faoin gcreat náisiúnta pleanála, bíonn Uisce Éireann ag obair go seasta leis na húdaráis áitiúla chun cur leis na próisis reáchtála pleanála spriocanna zónála a fhorbairt mar aon le croí-straitéisí a thacódh le forbairt sóisialta agus eacnamaíochta trí chur chuige bunaithe ar phlean cinnte. Cuireann pleananna forbartha na n-údarás áitiúla le pleananna straitéiseacha Uisce Éireann agus cuireann siad le pleanáil maidir le hinfheistíocht agus maidir le tosaíocht a dhearbhú. Freisin, bímid ag obair go dlúth lenar rialálaí eacnamaíochta, An Coimisiún um Rialáil Fóntais, CRU, i ngach uile ábhar.

Cuirtear uisce óil ar fáil do tuairim is 6% den daonra trí ghrúpscéimeanna uisce, is iad sin scéimeanna faoi choimirce an phobail. Astu sin, soláthraítear uisce do 70% as grúpscéimeanna príobháideacha uisce a bhfuil foinsí phríobháideacha uisce acu. Faigheann na scéimeanna eile a gcuid uisce ó nasc Uisce Éireann. Is as toibreacha príobháideacha a fhaigheann beagnach 10% den daonra a gcuid uisce óil. Níl ach thart ar 30% de shealbhóirí tí nasctha le seirbhísí poiblí fuíolluisce agus bíonn siad ag brath ar dhabhcha shéarachais, ar ghrúpchóireáil fuíolluisce nó ar chórais eile chun cóireáil a dhéanamh ar a gcuid fuíolluisce. Tá sé lasmuigh de shainchúram Uisce Éireann infheistíocht a dhéanamh maidir le bonneagar do sheirbhísí uisce a sholáthar i sráidbhailte gan séarach. Tugaimid lán-tacaíocht d’údaráis áitiúla atá ag lorg maoiniúcháin tríd an gciste um athghiniúint agus forbairt tuaithe de chuid an phlean náisiúnta forbartha.

Cuireann Uisce Éireann seirbhísí fuíolluisce ar fáil i 44 lonnaíocht laistigh de limistéir Ghaeltachta. Tá breis agus €110 milliún á infheistiú againn i dtograí i gceantair Ghaeltachta, agus tá sé beartaithe againn tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sna limistéir sin agus go gcuirfear san áireamh iad i bpleananna infheistíochta na todhchaí. Bainistíonn Uisce Éireann tuairim is 60 soláthar uisce a chuireann seirbhísí soláthair uisce ar fáil do cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Táimid ag infheistiú breis agus €150 milliún ar thograí atá curtha i gcrích nó atá ar siúl go fóill sna ceantair seo agus tá pleananna eile ar bun d’oibreacha eile. Ina theannta sin táimid ag tacú le tograí bonneagair ar fud na tíre, agus tá ceantair Ghaeltachta san áireamh leis seo. Tá infheistíocht leanúnach i mbonneagar uisce agus fuíolluisce fíorthábhachtach má táimid chun a chinntiú go mbeidh soláthar inmharthana uisce óil agus córais cóireála fuíolluisce oiriúnach ann don am i láthair agus don todhchaí. Tá Uisce Éireann tiomanta, agus ag tacú go tréan, le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil dóibh siúd a theastaíonn uathu cumarsáid a dhéanamh linn trí mheán na Gaeilge. Tá Uisce Éireann faoi réir ag Acht na dTeangacha Oifigiúla ón mbliain 2020. Táimid ag obair le go gcinnteodh muid agus le go gcomhlíonfaidh muid an reachtaíocht agus le go mbeidh muid ag neartú na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge.

Tá Uisce Éireann go huile is go hiomlán tiomanta do bharr maitheasa agus do bharr feabhais a bhaint amach ó thaobh seirbhísí uisce agus bonneagar a sholáthar d'Éirinn, anois agus amach sa todhchaí. Le tacaíocht leanúnach ón Rialtas agus ónár bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear baill an choiste, ionadaí tofa, táimid lánmhuiníneach go leanfaimid orainn ag cur bonneagair chriticiúil uisce agus fuíolluisce ar fáil a rachaidh chun tairbhe spriocanna beartais phoiblí, i ndáil le tithíocht, gníomhú ar son na haeráide agus forbairt eacnamaíochta i gcoitinne, agus áirítear ceantair Ghaeltachta go láidir ansin. Gabhaim buíochas arís leis na mbaill as ucht an gcuireadh teacht os comhair an choiste. Fáiltímid roimh an deis baill an choiste a chur ar an eolas maidir leis an obair ríthábhachtach atá á déanamh ag Uisce Éireann fud fad na tíre. Tá mé féin agus mo chomhghleacaithe lán-tuillteanach glacadh le haon cheisteanna a bheadh ag na baill. Mura bhfuil freagra na ceiste sin againn ar an toirt, beimid lán sásta teacht ar ais i scríbhinn, má oireann sé sin don choiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.