Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúigear comhaltaí i láthair, Seanadóirí agus Teachtaí Dála san áireamh. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Níl aon leithscéal faighte againn go dtí seo. B'fhéidir go mbeidh na comhaltaí eile linn sar i bhfad. Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste agus roimh aon chomhalta eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú, fiú siúd a bheidh ag déanamh bilocation agus a bheidh ann faoi dhó; roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os comhair ár gcruinniú inniu; agus roimh ár lucht féachana ar teilifís an Oireachtais. Fearaim fáilte roimh na finnéithe atá anseo linn ó Uisce Éireann: Richard Ó hEadhra, ceannasaí cumarsáide réigiúnach; an Dr. Edmond O’Reilly, bainisteoir um phleanáil sócmhainne; Des Joyce, ceannasaí um sholáthar uisce; agus Sorcha Heaphy, oifigeach saorála faisnéise.

Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanfaimid ar aghaidh lenár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe seo, na seirbhísí uisce agus séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na finnéithe agus na comhaltaí atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill na foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe toisc go gcuireann siad as don chóras chraolacháin, eagarthóireachta, agus fuaime Tithe an Oireachtais. Tá sé de rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, mar atá á dhéanamh ag an Teachta O'Dowd, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí atá ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir a bhfuil siad ag caint agus go mbeidh siad le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar chruinnithe go fíorúil. Ba chóir a chinntiú chomh maith go mbeidh na micreafóin múchta nuair nach mbeidh siad ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuirtear faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do aon duine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfí leis an ordú sin láithreach, má eisítear é.

Is féidir linn tús a chur le cruinniú an lae inniu agus déileáil le hábhar an chruinnithe. Iarraim ar cheannasaí cumarsáide réigiúnach Uisce Éireann, Richard Ó hEadhra, a ráiteas tosaigh a roinnt linn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.