Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Glacaimid leis go raibh cúigear ann, agus mar a deir tú, abair go raibh cúig glaoch. Bhí fógra i Leitir Mór agus bhí chuile dhuine ag glaoch. Caithfidh mé a rá ag an bpointe sin go pearsanta go b’fhearr liomsa go gcuirfí ar aghaidh mé chuig duine Béarla ná mé a fhágáil gan freagra. Bíonn deifir orm. Bíonn deifir ar dhaoine i gcónaí agus iad ag lorg freagraí. Má cheapaim go bhfaighidh mé freagra beo i mBéarla, tá Béarla agam, agus geallaim go rachadh mé ar aghaidh leis. Ach b’fhearr liom déileáil le duine le Gaeilge. Má tá srianta air, is cinnte gur bhfearr liom glaoch ar ais. Mar a deirim, in áiteanna eile, an rud a tharlaíonn ná nuair a bhrúnn tú an uimhir ní fhaigheann tú aon rud. Go pearsanta, b’fhearr liom go gcuirfí mé ar aghaidh, sa chás nach bhfuil duine le Gaeilge ar fáil, chuig duine le Béarla ná a bheith fágtha ar an trá fholamh gan freagra.
No comments