Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Mr. Richard ? hEadhra:

Tá. Tá dul chun cinn mór déanta freisin. Tá mise ag obair le Uisce Éireann ó 2014 agus ar nós go leor de na háisíneachtaí a bhí poiblí a lua an Teachta, tá go leor dúshlán le daoine le Gaeilge, nó b’fhéidir Gaeilge mhaith, a chur i suíochán ag freagairt gutháin. Tá dul chun cinn mór déanta áfach, go háirithe ó táimid faoi réimse an Achta anois. Tá cúigear fostaithe le Gaeilge agus cumas Gaeilge thar barr acu. Chuir mé féin glaoch cheana freisin an lá cheana le go bhfeicinn. Is dócha má tá níos mó tola ar an seirbhís go mbeidh níos mó daoine á bhfostú. Is múnla maith é seo do na háisíneachtaí Stáit eile freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.