Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Mr. Richard ? hEadhra:
Mar phointe eolais, bím ag obair sa rannóg chustaiméara a bhfuil an líne sin faoina cúram. Is éard a tharlaíonn go hiondúil ná go dtugtar dualgais do roinnt daoine a bhíonn ag tógáil na glaonna. Is féidir le duine amháin a bheith ar líne na n-oifigeach agus duine eile ar líne na gcustaiméirí ach, maidir leis na cainteoirí Gaeilge, má tá duine ag iarraidh comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge, brúitear an glaoch ar aghaidh chuig duine a bhfuil Gaeilge aige nó aici, fiú amháin má thagann an glaoch isteach tríd an líne d'ionadaithe pobail.
No comments