Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Níl ach ceist amháin agam mar tá Uisce Éireann chun filleadh orainn leis an eolas mar gheall ar an truailliú sa Laoi, na foinsí agus ról Uisce Éireann ansin. Tá sé ag filleadh orainn chomh maith mar gheall ar an teagmháil a bhí aige leis an EPA i dtaobh an truaillithe i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus le heolas faoin bpíobán séarachais atá le hathnuachan i lár an tsráidbhaile. Bhí ábhar á phlé níos luaithe mar gheall ar an líon Gaeilgeoirí atá ar fáil sa call centre. Tuigim go bhfuil thart ar chúigear ar fáil ansin. Tá dhá líne theileafóin ann. Tá ceann amháin don phobal agus tá ceann eile do na hionadaithe pobail. An bhfuil daoine ar fáil do na hionadaithe pobail chun plé leo as Gaelainn? Má tá, an féidir na hionadaithe pobail a chur ar an eolas mar gheall air sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.