Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Mr. Richard ? hEadhra:
Sula dtagann Des Joyce isteach ar an gcéad agus an tríú cheist, déileálfaidh mise leis an dara cheist faoin fear aosta atá 91 bliain d'aois. Ní dea-scéal é sin a chloisteáil ar ndóigh agus gabhaimid leithscéal leis an bhfear aosta agus lena chlann. Níl sé go deas é sin a chloisteáil ar chor ar bith. Is dóigh an míniú a bheadh air sin ná gur próiseas uathoibríoch a bheadh i gceist ansin gur cuireadh litir bagartha amach mar sin aige. Is éard a dhéanfaidh mise anois ná go gheobhaidh mé na sonraí ón Teachta Farrell agus cuirfimid sin ina cheart i ndiaidh an seisiúin seo.
Maidir leis an gcéad agus an tríú cheist, freagróidh Des Joyce iad sin. Ar mhiste leis an Teachta an chéad cheist a chur arís?
No comments