Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source
An dara cheist ná go bhfuil fear Gaeltachta atá 91 bliain d'aois tar éis fógra dlí a fháil ag bagairt an dlí a chur air toisc nár íoc sé bille €70 a fuair sé tamaillín ó shin. Níor thuig sé cad lenar bhain an bille, áfach, toisc nach n-úsáideann sé, agus níor úsáid riamh, an nasc uisce a bhí i gceist. Tuigim go bhfuil oifig an Teachta Uí Dochartaigh ag fanacht ar fhreagra air sin le beagnach mí anuas. An bhfuil freagra ag na finnéithe ar an gceist sin nó an féidir leo brú a chur le go dtiocfaí ar fhreagra?
Ansin, d'ardaigh an Teachta Ó Dochartaigh cás ina bhfuil pumpa nua á lorg sa Choimín, sa Chlochán i nDún na Gall, agus dúirt Uisce Éireann go bhfuil siad ar an eolas faoi agus go bhfuil lománaíocht brú - pressure logging - idir láimhe aige i nGleann Fhinne. An bhfuil an lománaíocht brú sin thart agus má tá, cén bhealach a n-aimsítear sna torthaí réiteach fadtéarma don cheantar go léir i nGleann Finne chun déileáil le soláthar uisce agus le fadhbanna brú? Cén plean agus amchlár atá ag Uisce Éireann chun é sin a réiteach?
No comments