Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá áthas orm a bheith anseo inniu os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar an bhfáil ar oideachas trí mheán na Gaeilge agus ar an nGaeilge mar ábhar curaclaim.

Tá mo Roinn go hiomlán tiomanta don oideachas lán-Ghaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Ó 2019, tá bunú 47 scoil nua fógartha. Sa phróiseas pátrúnachta, leagtar béim ar leith ar Ghaelscoileanna, Gaelcholáistí agus aonaid lán-Ghaeilge a bhunú. Caithfidh sé a bheith d’acmhainn ag formhór na n-iar-bhunscoileanna nua freastal ar rollachán de idir 600 agus 1,000 scoláire. Is féidir le leibhéal níos ísle de 400 scoláire a bheith i gceist le Gaelcholáistí agus is féidir féachaint freisin le haonad lán-Ghaeilge a bhunú i scoil a fheidhmíonn trí Bhéarla. Má léirítear sna sonraí déimeagrafacha go bhfuil áiteanna breise scoile ag teastáil, déantar é seo a mheas ar bhonn aonair. D’fhéadfaí freastal ar an éileamh seo trí úsáid a bhaint as spásanna breise atá ar fáil i scoil amháin nó i scoileanna éagsúla nó trí chur le scoileanna atá ann cheana féin. Déanann clár tógála scoile mo Roinne tionscadail tógála scoile buana a chur ar fáil chun a chinntiú go bhfuil dóthain áiteanna i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna do na scoláirí agus daltaí ar fad in Éirinn. I rith an tréimhse ó 2018 go 2022, chuir mo Roinn 49 tionscadal tógála i gcrích ó fhoirgnimh nua go hathchóiriú agus méadú ar na foirgnimh scoile atá ann cheana féin. Mar chuid den fhorbairt ar an bpolasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge, beidh mo Roinn ag féachaint freisin, i measc rudaí eile, ar an tslí ina bhféadfaí cur leis na deiseanna chun Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a bhunú mar chuid den phróiseas pátrúnachta do scoileanna nua.

Ó thaobh na Gaeilge de, ag an leibhéal bunscoile, glacann curaclam teanga na bunscoile, a tugadh isteach in 2019 do ranganna na naíonáin bheaga go dtí rang a sé, cur chuige cuimsitheach i leith foghlaim teanga agus naisc a dhéanamh idir teangacha agus scileanna teanga difriúla. Tacaíonn an ceangal idir an dá theanga le múinteoirí pleanáil don fhoghlaim i dteanga 1 agus i dteanga 2 na scoile. Foilsíodh creatchuraclam na bunscoile i mí an Mhárta i mbliana. Rinneadh taighde agus comhairliúchán suntasach mar chuid den phlean. Leagtar amach ann an t-íosmhéid ama atá molta do réimsí an churaclaim. Cuireann an creat bloc míosúil d’am solúbtha i láthair. Méadaíonn sé freisin an méid ama atá ar fáil don fholláine, is é sin corpoideachas agus social, personal and health education, SPHE, gach seachtain ó uair an chloig go leith go dtí trí huaire an chloig ó rang 1 go rang 6. Chun na hathruithe seo a dhéanamh, tá roinnt ama tugtha ag na réimsí eile ar fad den churaclam, teangacha san áireamh. Leis an am solúbtha, tá deis ann le haghaidh tréimhsí méadaithe foghlama in aon cheann de na réimsí curaclaim, an Ghaeilge ina measc.

Maidir leis an tsraith shóisearach, dhein an National Council for Curriculum and Assessment, NCCA, athbhreithniú in 2022 ar chur i bhfeidhm luath shonraíochtaí T1 agus T2 na sraithe sóisearaí. Tharla sé seo mar fhreagairt ar iarratais ó na páirtithe oideachais. Chuir SEALBHÚ an t-athbhreithniú i gcrích don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, nó NCCA, agus d’fhoilsigh an NCCA an tuarascáil níos luaithe i mbliana. Mar a thug an NCCA faoi deara, leag an t-athbhreithniú béim ar láidreachtaí. Go ginearálta, fáiltíodh roimh an gcur chuige difreáilte sa tsraith shóisearach, chomh maith leis an leibhéal de rogha agus roghnú téacsanna agus an úsáid a bhaintear as an bhfoghlaim ghníomhach agus as an nGaeilge labhartha.

Chomh maith leis sin, leagadh béim ar na dúshláin. Áiríodh ina measc an iomarca béime a bheith ar an litríocht agus an Ghaeilge labhartha a bheith thíos leis. Ba léir nach raibh an measúnú ag tabhairt dóthain tacaíochta do chomhrá as Gaeilge. Mar fhreagairt air sin, tá athruithe tugtha isteach ag an NCCA. Is maith é gur athruithe iad seo a tharlóidh láithreach agus go dtiocfaidh siad i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2023. Déanfaidh an CNCM athbhreithniú freisin agus baileofar níos mó aiseolais faoi thaithí na scoileanna ar a bheith ag obair le sonraíochtaí T1 agus T2 Gaeilge na sraithe sóisearaí. Tá deis ann freisin monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar na hathruithe atá ag teacht isteach don scoilbhliain amach romhainn.

Maidir leis an tsraith shinsearach, d’fhoilsigh an NCCA dréachtshonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hardteistiméireachta le haghaidh comhairliúcháin in 2021. Bhí comhairliúchán fairsing ar an dréachtchuraclam thar naoi mí agus d’fhoilsigh an NCCA tuarascáil faoin gcomhairliúchán sin níos luaithe i mbliana.

Sa tuarascáil seo tugtar faoi deara go bhfuil tuairimí difriúla ag go leor daoine maidir le fís agus cuspóir Ghaeilge na hardteistiméireachta. Moladh roghanna eile éagsúla in áit shamhail T1 agus T2 le linn an chomhairliúcháin ach ní raibh aon chomhaontú maidir le haon rogha áirithe eile. Sa deireadh shocraigh an NCCA, seachas dul ar aghaidh leis an gcuraclam mar atá leagtha amach, tuilleadh taighde a dhéanamh ar conas a chuireann tíortha difriúla saothar teanga ar fáil. Tá an obair sin ar siúl i láthair na huaire.

Tá an-áthas orm a bheith anseo inniu agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as ucht féachaint ar na saincheisteanna seo, atá an-tábhachtach. Beidh idir Ghaeilge agus Bhéarla á n-úsáid agam agus na ceisteanna á bhfreagairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.