Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Leanfaidh an seisiún seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Tá leithscéal faighte againn ó na Teachtaí Fergus O'Dowd agus Marc Ó Cathasaigh. Chomh maith leis sin, tá leithscéal faighte againn ón Teachta Ó Murchú agus beidh an Teachta Sorca Clarke ag freastal ar an gcruinniú ina áit, má thagann sí isteach.

Cuirim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhalta eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os comhair ár gcoiste inniu agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Fearaim fáilte roimh an Aire Oideachais, an Teachta Foley, agus roimh a cuid oifigeach: Evelyn O’Connor, príomhoifigeach sa rannóg bheartais, churaclaim agus mheasúnachta; Lisa Nic Dhoinnléibhe, príomhoifigeach san aonad um oideachas Gaeltachta; Anne Tansey, stiúrthóir na Seirbhíse Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais; Celeste O'Callaghan, príomhoifigeach sa rannóg churaclaim agus mheasúnachta; Jill Fannin, príomhoifigeach san aonad beartais oideachais mhúinteoirí; Murty Hanly, príomhoifigeach san aonad pleanála agus tógála; agus Fidelma Lyons, príomhoifigeach cúnta san aonad pleanála agus tógála. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Leanfaimid anois lenár mbreathnú ar an éileamh ar Ghaeloideachas nach bhfuil á shásamh agus an Ghaeilge mar ábhar i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna an Stáit.

Tá sé mar dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a chur faoi bhráid na bhfinnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú inniu. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill na foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar chórais chraolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí a bheith ag an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá siad ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil freisin. Caithfidh aon duine atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil déanamh cinnte de go bhfuil a micreafóin múchta ach amháin nuair atá siad ag glacadh páirte sa phlé atá ar bun sa choiste.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a cuireadh faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do aon duine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfí leis an ordú sin láithreach, má eisítear é.

Is iad sin na treoracha ar fad. Aontaímid leo. Anois, cuirfimid tús lenár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe inniu. Iarraim ar an Aire Oideachais, an Teachta Foley, a ráiteas tosaigh a roinnt linn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.