Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 29 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá mé ag díriú isteach ar an dualgas faoin Acht nua, Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Tá sé luaite anseo sa ráiteas tosaigh. Chuir 62% in iúl go bhfuil siad ag iarraidh a gcumas teanga a fheabhsú. Tá gá le rud foirmeálta chomh maith le caife. Tá neart caife á ól againn anseo agus níl aon fheabhas tagtha ar ár nGaeilge. Tá gá leis an dá rud. Bhí maidin chaife anseo inniu ach níor éirigh liom freastal air. Tá mé féin agus an Cathaoirleach, an Teachta Ó Snodaigh, díreach críochnaithe le coiste chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Dáil. Níl mé ag fáil locht ar na finnéithe. Táim ag iarraidh oibriú amach cén chaoi ar féidir linn an Ghaeilge a normalú i ngach áit mar is an chéad teanga í. Tá na finnéithe tar éis neart taighde a dhéanamh ó thaobh neart ábhar ach i ndeireadh na dála, cad atá á dhéanamh acu go réalaíoch? Baineann an cheist sin linn féin freisin. Tá dréacht-thuarascáil curtha againn ón gcoiste sin go dtí an Ceann Comhairle. Táimid maraithe le dea-thoil. Tá grá ag gach duine sa Teach don Ghaeilge, mé féin san áireamh, ach níl líon na n-úsáideoirí ag méadú, faraor. Cloiseann tú Gaeilge níos minice sa Dáil ach ag an am céanna nuair a bhreathnaíonn tú ar an taighde, níl líon na n-úsáideoirí méadaithe. Tá rud á dhéanamh againne anois faoi dheireadh. Tá sé iontach go bhfuil 62% ag iarraidh feabhsú. Is buntáiste mór an dara teanga a bheith agat agus an tríú ceann. Ní saineolaí mé. Tá dualgas orainn a bheith mar eiseamláir, nach bhfuil? Tá sé sin fíor go háirid do na finnéithe, atá dírithe isteach ar thaighde agus cúrsaí acadúla. An bhfuil spriocanna faoi leith acu ó thaobh Gaeilge agus úsáideoirí laistigh den eagraíocht?
No comments