Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 29 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann
Professor P?draig ? Duibhir:
Bhí sé spéisiúil féachaint ar an méid a bhí le rá ag an bpobal. Léiríonn sé an dá rud, is iad sin, úsáid na Gaeilge sa phobal agus an córas oideachais. Is iad sin an dá rud is mó. Bhí cúrsaí spóirt ann freisin, mar a luaigh an Dr. Seoighe in a ráiteas tosaigh freisin. Tuigeann an pobal nó na daoine a ghlac páirt cad iad na riachtanais atá ann. Le cúpla bliain anuas, toisc go bhfuilimid ag féachaint siar agus 100 bliain á gcomóradh againn, táimid in ann féachaint ar na ceachtanna atá le foghlaim againn ón tréimhse ar bunaíodh an Stát agus an méid a rabhamar ag iarraidh a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge. Ceapaim go mothaíonn daoine, go ginearálta, gur theip a bhí ann, ach tá rudaí sa chóras oideachais gur éirí go maith leo.
Ar bhealach, tá ag éirí go maith linn mar go bhfuil an méid sin daoine ag teacht tríd an chórais trí mheán an Bhéarla agus teagmháil teoranta acu leis an nGaeilge ach fós go bhfuil an méid sin cumais ag daoine. Go minic is de bharr tréimhse a chaith siad sa Ghaeltacht agus rudaí mar sin, anuas ar an méid a fuair siad ar scoil. Léiríonn na scoileanna lán-Ghaeilge gur féidir le daoine, daltaí agus scoláirí a chumasú le Gaeilge a labhairt. Ní hé go bhfuil ag teip ar an gcóras oideachais gach rud a dhéanamh. Is é an rud a chloistear go minic ná dá mbeadh na múinteoirí ag múineadh na Gaeilge i gceart, bheimis go léir ag caint i nGaeilge ach níl sé sin chun tarlú. Caithfimid é sin a aithint ach ní dóigh liom go n-aithnímid é sin go poiblí. Tá an méid sin daoine ag rá, "if only the teachers were doing their job right, we would be always speaking Irish". Níl sé sin chun tarlú. Ní tharlaíonn sé in aon tír eile. Níl aon rud uathúil faoin nGaeilge. Níl sé ag tarlú.
Tá ag éirí níos fearr leo sa Bhreatain Bheag agus i dTír na mBascach ach tá iarrachtaí ollmhóra á ndéanamh chun é sin a bhaint amach, agus in aon áit eile, abair, leis an bhFraincis i gCeanada, níl sé ag tarlú ar scála mór. Caithfimid éirí as a bheith ag súil go bhfuil an córas oideachais chun míorúilt a dhéanamh ar ár son. Níl sé sin chun tarlú. Is é sin an fáth go bhfuil mé ag moladh go mbeadh sé go hiontach dá mbeadh díospóireacht ionraic oscailte ag a leithéid de fóram ar nós an tionóil saoránach. Bheadh deis ag muintir na tíre, mar a dhéanann siad i bpobalbhreitheanna arís agus arís eile, tacaíocht a léiriú don Ghaeilge. Léiríonn Conradh na Gaeilge sna staitisticí a bhailíonn sé bliain i ndiaidh bliana go bhfuil timpeall dhá thriain de dhaoine á rá gur cheart an Ghaeilge a mhúineadh sa chóras oideachais, ach níl ansin ach píosa beag den phictiúir. Táimid ag fágáil úsáid na Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais ar leataobh agus táimid ag súil go ndéanfaidh na scoileanna míorúilt dúinn, ach níl sé sin chun tarlú. Caithfidh an pobal a thuiscint cad atáimid ag iarraidh a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge de.
Cén áit a bhfuil an Ghaeilge le húsáid? Is í sin an áit a bhfuil an fhadhb, ach amháin go bhfuiltear sa mhionlach a shocraíonn chun an saol a chaitheamh trí Ghaeilge, clann a thógáil le Gaeilge agus mar sin de, ach níl sé sin chun tarlú ach do líon an-bheag daoine. Cá háit ina bhfuil na daoine chun Gaeilge a labhairt? An bhfuil aon réimse den saol gur féidir sin a dhéanamh, mar shampla, cúrsaí spóirt nó gné éigean, go bhfuil spás ann i roinnt ceantar ar fud na tíre spórt a imirt trí Ghaeilge, mar atá á dhéanamh ag na Gaeil Óga? Go dtí go bhfuil áit ann gur féidir linn an Ghaeilge a úsáid, ní bheidh toradh ar na hiarrachtaí sa chóras oideachais.
Teastaíonn uainn athchuairt a thabhairt ar an bhfís. Cad atáimid ag iarraidh a bhaint amach? Cad é an ról a bheadh ag an nGaeilge sa saol? Beidh an córas oideachais in ann freastal ar an éileamh sin ach, faoi láthair, tá sé droim ar ais againn. Táimid ag ceapadh, go dtí go gcuireann an córas oideachais go leor cainteoirí Gaeilge ar fáil, ní bheimid go léir ag caint Gaeilge, ach níl sé soiléir cad chuige atá an córas oideachais ag déanamh na hoibre seo go léir.
Tá cúlthionchar aige sin ar dhaoine sa chóras. Tá na daltaí ag iarraidh cén fáth go bhfuil siad ag foghlaim Gaeilge. Ní chloiseann siad an Ghaeilge timpeall orthu ach amháin na daoine a bhfuil an t-ádh orthu dul chun na Gaeltachta. Ardaíonn an Teachta ceist faoin Ghaeltacht. Ó bunaíodh an Stát, go dtí go mbeidh cúis eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha ag an nGaeilge sa Ghaeltacht, ní bheidh rath ar an nGaeltacht. Is iad sin na trí rudaí a bhíonn ag teastáil nuair atáimid ag iarraidh teanga a réimniú: na rudaí eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha. Bhíodh siad i gceantair áirithe ach tá siad ag dul i léig. Cheal infreastruchtúir, tithíochta agus mar sin de, rachaidh sé sin i léig tuilleadh.
Tá ról an-tábhachtach ag an gcóras oideachais. Is féidir leis an gcóras oideachais foghlaimeoirí cumasacha a chur amach, ach ní fhreagraíomar ríomh an cheist sa tír, cad chuige an rud ar fad, mar níl an lá chun bláthú uair 50 bliain amach anseo go mbeidh gach aon duine ag caint Gaeilge. Ní mar sin a oibríonn an phleanáil teanga.
No comments