Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 29 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Bhí mé ag ligean do na fir atá ag freastal ar líne ceist a chur. Níl ceist agam mar go bhfuil mé tuirseach. Léigh mé na tuarascálacha. Cuirim fáilte ar ais roimh an Ollamh Pádraig Ó Duibhir. Gabhaim buíochas leis as ucht a chuid oibre i gcónaí. Tá ráiteas tosaigh an-ghearr aige. Is é an dúshlán ná nach féidir an córas oideachais an fhadhb a shárú. B'fhéidir go mbeadh sé cliste dá bhfanfainn i mo thost agus éisteacht leis an Ollamh Ó Duibhir, go háirithe sa chomhthéacs go mbeidh agóid taobh amuigh den Dáil inniu ar 4 p.m. ag cur in iúl nach bhfuil dóthain choláistí Gaeilge ar fáil.
Ar chuala an tOllamh Ó Duibhir maidir le Conamara Láir? Bhí daoine ó Chonamara Láir os ár gcomhair trí sheachtain ó shin ag cur in iúl go raibh easpa infreastruchtúir, tithíochta agus rudaí bunúsacha ann. Ag an am céanna, tá na finnéithe i mbun taighde ach, ag an am céanna, cén fáth? Tuigim gur togra ón Aire agus ón Roinn é ach tá a fhios againn cad atá na daoine ag rá sa Ghaeltacht ó thaobh na Gaeilge de. Tá sé soiléir dúinn leis na blianta, is iad sin, easpa tithíochta, infreastruchtúir, coláiste, pholasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais taobh amuigh den Ghaeltacht agus neart rudaí eile. Níl a fhios agam cén fáth go raibh tuilleadh taighde ag teastáil. Tá mé 100% taobh thiar den taighde ach tá mo cheann i mo lámha anseo agus mé ag iarraidh cad atá i gceist anseo. Sin í an fhírinne. Iarraim ar an Ollamh Ó Duibhir labhairt agus fanfaidh mise i mo thost.
No comments