Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann

Dr. Ciar?n Seoighe:

Tá mé thar a bheith sásta a bheith anseo inniu mar ionadaí Fhondúireacht Eolaíochta Éireann agus an fheachtais Ag Múnlú ár dTodhchaí. Táim anseo inniu chun guth an phobail a chur in iúl don choiste, faoi mar a chualamar é le linn Ag Múnlú ár dTodhchaí. Tá mé sásta freisin na gníomhartha atá idir lámha againn in FEÉ chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge a phlé.

B'fheachtas de chuid Rialtais na hÉireann é Ag Múnlú ár dTodhchaí. Bhí sé de chuspóir againn comhrá ionchuimsitheach a thosú leis an bpobal ionas gur féidir linn a thuiscint céard ar mhaith leis an bpobal go ndéanfaí taighde air chun todhchaí níos fearr a mhúnlú do gach duine. Spreagadh obair a rinneadh thar lear é, obair san Ísiltír agus i bhFlóndras ach go háirithe. Sna háiteanna sin, rinneadh a leithéid d'fheachtas chun rannpháirtíocht a dhéanamh leis an bpobal siúd agus chun a fhiafraí díobh céard ba chóir do thaighdeoirí breathnú air. Tá rannpháirtíocht i dtaighde ag éirí níos tábhachtaí mar chlaonadh idirnáisiúnta agus ní éireoidh sé ach níos tábhachtaí fós amach anseo.

Bhí comhrá ionchuimsitheach i gceartlár an chuspóra againn san fheachtas. Ciallaíonn sé sin nach suirbhé a bhí i gceist againn ach comhrá dáthaobhach. Ní rabhamar ag dul amach go simplí ag iarraidh ar dhaoine moltaí a thabhairt dúinn. I gcodarsnacht iomlán, bhíomar ag iarraidh comhráite a spreagadh idir thaighdeoirí agus an pobal. Is ann atá croílár na hiarrachta ar fad. De dheasca an chomhrá sin, fuaireamar aighneachtaí i bhfad níos eolasaí ó mhuintir na hÉireann.

Bhí an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta i gceannas ar an tionscnaíocht seo. D’oibríochtaigh Fondúireacht Eolaíochta Éireann í. Is é an rud is tábhachtaí a thugamar faoi deara go luath ná nach raibh líon na ndaoine gur mhaith linn cloisteáil uathu á aimsiú trí aon Roinn Rialtais nó gníomhaireacht amháin agus muid ag iarraidh idirphlé ionchuimsithigh. Bhunaíomar fóram chomhairligh le hionadaithe ó Ranna Rialtais, gníomhaireachtaí agus réimse leathan de ghrúpaí pobal, sochaíocha agus fiontar - daoine gur féidir leo eolas agus léargais a sholáthar dúinn - chun a chinntiú go rabhamar chomh hionchuimsithe agus chomh hinrochtana agus ab fhéidir linn agus go rabhamar in ann dul i dteagmháil leis an oiread daoine agus ab fhéidir. Go han-luath tar éis dúinn baint leis an bhfóram chomhairligh sin, chonaiceamar gur tháinig méadú faoi dheich ar an rannpháirtíocht ar na meáin shóisialta ná mar ba ghnách d'Fhondúireacht Eolaíochta Éireann. Thuigeamar ón méid sin go rabhamar in ann dul i dteagmháil le dream daoine i bhfad níos mó ar fud na tíre.

Bhí sé tábhachtach dúinn freisin seó bóthair a bheith againn. Thaistil an fhoireann go dtí gach contae agus shocraíomar muid féin i hallaí baile, i seomraí cruinnithe na ngasóg, i scoileanna, i lárionaid phobail, in ollscoileanna agus in ionaid siopadóireachta. Is é sin le rá go ndeachamar go dtí na háiteanna ina dtagann daoine le chéile. Bhí taighdeoirí inár gcuideachta agus chuireamar in aithne iad le daoine i ngach contae chun comhráite a bheith acu le daoine faoin taighde agus gach rud a bhí tábhachtach dóibh. Ag foghlaim ó leathbhádóirí idirnáisiúnta, roghnaíomar tagarmharc de 10,500 aighneacht agus is amhlaidh a rabhamar ag súil leis. Nuair a chríochnaigh an chéim rannpháirtíochta phobail den fheachtas, bhí breis agus 18,000 d’aighneachtaí faighte againn. Is uimhir ábhalmhór í sin atá i bhfad níos mó, ar ndóigh, ná mar a cheapamar, go háirithe agus an feachtas á thionól le linn na paindéime. Thaispeáin sé cé chomh páirteach a bhí an pobal san fheachtas.

Tá daoine faoi leith gur chóir dom iad a lua chomh maith leis na baill éagsúla de ghrúpaí an fhóraim chomhairligh a d’oibrigh le chéile. Ina measc tá Julie Byrne ó Nokia Bell Labs a bhí mar chathaoirleach ar fhóraim chomhairligh an fheachtais agus Linda Hogan ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a bhí mar chathaoirleach ar an gcoiste saineolaithe, an grúpa a bhí freagrach as an éacht a dhéanamh chun na 18,062 aighneacht a anailísiú. Bhí 70 nó 80 saineolaí agus acadóir ag obair go deonach le chéile ar an gcoiste saineolaithe chun anailís a dhéanamh ar na haighneachtaí uilig. Bhí trí lionsa amhairc nó dearcadh againn. Léigh saineolaí gach aighneacht. Chomh maith leis sin, chaitheamar súil siar ar na haighneachtaí le hintleacht shaorga chun breathnú ar le meon teangeolaíochta. Ansin, d’fhéachamar ar na haighneachtaí le lionsa daonna chun tuiscint a fháil ar céard a bhí i gceist ag na daoine agus céard a bhí á rá acu mar gheall ar a gcuid taithí ar an saol ag an am sin. Bhriseamar na moltaí ón bpobal síos agus d’eagraíomar iad i 16 téama. Bhí réimse aighneachtaí éagsúla sna 16 téama sin.

Tá bunachar sonraí ar fáil ar líne d'aon duine gur mhaith leis taiscéaladh a dhéanamh ar na haighneachtaí go léir.

Mar atá luaite againn san aighneacht scríofa, fuaireamar teachtaireacht soiléir ón bpobal go bhfuil suim acu in áit na teanga i sochaí an lae inniu a thuiscint. Is téamaí coitianta iad i measc na moltaí a fuarthas maidir leis an nGaeilge ná iarratais ar thaighdeoirí agus ar lucht déanta polasaithe taiscéaladh a dhéanamh ar athsmaoineamh a dhéanamh ar modh múinte na Gaeilge i scoileanna; an nasc idir an Ghaeilge agus spórt; tuiscint ar an nasc idir an Ghaeilge agus ár n-aitheantas cultúrtha agus náisiúnta; agus conas is féidir an Ghaeilge a normalú, is é sin í a dhéanamh mar is gnách sa tsochaí.

Ní saineolaí mé, áfach, ar an gcaoi a thabharfaidh lucht an taighde freagra ar na ceisteanna sin ón bpobal, ach i mo chuideachta tá beirt taighdeoir saineolacha atá i bhfad níos oiriúnaí chun léargais bunaithe ar fhianaise a chur os bhur gcomhair. Tá an Dr. Lynn agus an tOllamh Ó Duibhir ag obair i ndisciplíní an-difriúil lena chéile. Ach mar sin féin, tá an bheirt acu ag tiomnú a saolta oibre chun tuiscint a fháil ar chonas is féidir an Ghaeilge a chaomhnú agus tacaíocht a thabhairt di. Taispeáneann an Dr. Lynn agus an tOllamh Ó Duibhir an riachtanas soiléir ar thaighde trasdisciplín agus ildisciplín chun dúshláin sochaíocha a shárú. Táimid ag FEÉ ag cruthú deiseanna go réamhghníomhach, chomh maith leis an spás a dhéanamh le haghaidh taighde ildisciplín. Tá sé seo le feiceáil go paiteanta sna cláir mhaoiniúchán ar bun dúshlán. Tabharfaidh an Bille taighde, atá le teacht go luath, tacaíocht bhreise do na hiarrachtaí seo, agus cruthóidh sé gníomhaireacht nua le haghaidh taighde agus nuálaíochta trí chónascadh a dhéanamh de FEÉ agus an Chomhairle Um Thaighde in Éirinn.

Tá FEÉ tiomnaithe a chuid dualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, agus ag iarraidh slite chun éiteas níos leithne an Achta a thacú chomh maith. Táimid ag iniúchadh bealaí gur féidir leis na baill foirne an Ghaeilge a chuimsiú. I suirbhé a rinneadh le déanaí, chuir 62% in iúl go bhfuil siad ag iarraidh a gcumas teanga a fheabhsú. Táimid ag tabhairt tacaíochta do chomhlachais a thugaimid maoiniúcháin dóibh a gcuid dualgas faoin Acht a thuiscint chomh maith. An mhí seo caite, chuireamar fáilte roimh ionadaí de chuid Oifig An Choimisinéara Teanga chun faisnéisiú ar an Acht a dhéanamh. Bhí baill an líonra oifigeach cumarsáide ó na hinstitiúidí ardoideachais agus ionaid taighde FEÉ i láthair ag an gcruinniú, chomh maith le baill foirne cumarsáide agus oideachas agus rannpháirtíocht phoiblí de chuid FEÉ. Táim ag súil go mór le comhrá an lae inniu agus gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.