Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 29 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 3.30 p.m., más gá. Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon Chomhalta eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe atá os ár gcomhair agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Fearaim fáilte roimh Dr. Ciarán Seoighe, leas-ardstiúrthóir; an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, stiúrthóir SEALBHÚ, lárionad taighde um fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; agus Dr. Teresa Lynn, ceannasaí ar rannpháirtíocht taighde ar phróiseáil teanga nádúrtha, PTN, ag Ollscoil Mohamed bin Zayed agus comhalta taighde comhcheangailte le ADAPT, ionad taighde Fhondúireacht Eolaíochta Éireann, FEÉ, le haghaidh teicneolaíocht d’ábhair dhigiteacha tiománaithe ag intleacht shaorga. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ag teacht óna n-oifigí laistigh de Thithe an Oireachtais, tá an Teachta Daly, an Teachta Aindrias Moynihan, an Seanadóir Ward, an Teachta O'Dowd agus an Seanadóir Kyne. Aithním iad ag an staid seo.
Sula mbreathnaímid ar ábhair an lae inniu, "ag múnlú ár dtodhchaí dátheangaigh" agus "cumas agus toilteanas Fhondúireacht Eolaíochta Éireann seirbhís phoiblí dhátheangach iomlán a chur ar fáil go réamhghníomhach dá custaiméirí", tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe atá ag freastal ar an gcoiste.
Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is de bharr riachtanais bhunreachtúla a dhéantar é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Ba chóir do chomhaltaí a micreafóin a mhúchadh nuair nach bhfuil siad ag caint.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus an fhianaise seo á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach.
Tá sé sin ar fad ráite agam anois. Is féidir linn tosú ar ár mbreathnú ar ábhair an chruinnithe seo. Ar dtús báire, iarraim ar Dr. Seoighe a ráiteas tosaigh a dhéanamh.
No comments