Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Okay. Ní fheicim go bhfuil aon duine eile ag iarraidh ceist a chur. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil lenár n-aíonna, Andrea Feeney agus Elaine Sheridan, as a bheith anseo linn inniu chun cuidiú lenár mbreathnú nó féachaint ar an ábhar seo lena bhfreagraí. Fillfimid ar an ábhar seo arís agus tá súil agam i ndeireadh thiar thall go gcuideoidh pé rud a dhéanfaimid le daltaí chun díriú isteach ar an nGaeilge ag na leibhéil difriúla de scrúduithe nó measúnuithe a bhíonn rompu sa mheánscoil. Cuirfear clabhsúr anois leis an díospóireacht ar an ábhar seo inniu. Beidh cruinniú de Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar siúl ar 4 p.m., áit a bheimid ag plé Meastacháin Athbhreithnithe do sheirbhísí poiblí 2023 ar chlár C, An Ghaeltacht, de Vóta 33 de chuid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán leis an Aire Stáit, an Teachta O’Donovan.

Beidh an chéad chruinniú eile den chomhchoiste ar siúl an tseachtain seo chugainn, an 8 Márta ar 2.30 p.m. i seomra coiste 4, nuair a phléifear na hábhair seo a leanas agus b'fhéidir go mbeadh spéis ag ár n-aíonna iontu: an córas sláinte agus an gá éigeandáil náisiúnta a fhógairt; neodracht na hÉireann, fírinne nó cur i gcéill; athrú aeráide agus an bhfuilimid ró-leithleach chun é a chur i gcrích. Beidh deichniúr daltaí ó cheithre scoil ag freastal chun an chaint a thabhairt ar na hábhair sin. Beidh siad ag teacht ó Choláiste Oiriall i Muineacháin; ó Ghaelcholáiste Luimnigh; ó Ghaelcholáiste na Mara i gContae Chill Mhantáin; agus ó Scoil Ghramadaí Naomh Iósaef, an Domhnach Mór, Contae Thír Eoghain, áit a bhfuil sruth Gaeilge ann. Beidh siadsan ós ár gcomhair an lá sin agus tá súil agam go mbeidh níos mó Teachtaí Dála agus Seanadóirí i láthair linn chun fáilte a chur rompu. Is léiriú é sin gur féidir le daltaí meánscoile plé a dhéanamh, mar go ndearna siad plé an-mhaith anuraidh agus roimhe sin, ar ábhair difriúla seachas an Ghaeilge féin.

Tá cruinniú an chomhchoiste curtha ar athló anois go dtí 2.30 p.m an tseachtain seo chugainn agus, mar a dúirt mé, tá cruinniú den roghchoiste um thráthnóna ar siúl ar 4 p.m.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.