Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ag teacht as sin, ar tharla na fadhbanna, botúin nó "malfunctioning" a luaigh Elaine Sheridan anuraidh? An raibh gá tweaking a dhéanamh orthu nó an gcoimeádtar an t-eolas sin laistigh den ghrúpa féin chun díriú isteach ar an gcéad pháipéar eile? Agus muid ag caint ar an scrúdú, maidir leis an tsórt tosaíocht atá tugtha don litríocht, measaim gur timpeall 40% nó mar sin a bhí ag dul don litríocht ag am amháin. An féidir le Coimisiún na Scrúduithe Stáit a rá linn an bhfuil an tosaíocht céanna á tabhairt don litríocht, agus do na hábhair litríochta atá roghnaithe anois sa scrúdú nua, is a bhí roimhe seo? Tá a fhios agam go gcuirtear liosta timpeall, go roghnaíonn an múinteoir cúpla píosa litríochta agus gur féidir leis na daltaí díriú isteach orthu ina mbealach féin.

Tá ceist deiridh agam ar ábhar eile. Níl a fhios agam an féidir leis na finnéithe é a fhreagairt ach chuir muid an cheist seo ar an Roinn. Bhí an cúrsa nó an scrúdú seo atá á phlé againn ag an sraith sóisearach in ainm is a bheith mar chuid den ardteist ach tá an cuma ar chúrsaí anois nach dtarlóidh an t-athrú nó na hathruithe céanna ag leibhéil na hardteiste. Tá an tuairisc faoi T1 agus T2 san ardteist tar éis an chur chuige a cháineadh agus tá an tAire ag dul siar ar an gcinneadh a bhí le glacadh go mbeadh scrúdú páipéar 1 de chúrsa na hardteiste á dhéanamh i mbliain a cúig anois. An mbaineann an cheist sin leis na finnéithe nó an féidir leo aon rud a rá faoi? Munar féidir, ní gá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.