Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is trua é nach bhfuil sé sin ann cheana féin. Beidh sé go maith don bhliain seo chugainn ach beidh sé ródhéanach le tionchar mór a imirt do a lán páistí i mbliana. Maidir leis an bpróiseas marcála, b'ait liom i gcónaí go bhféadfaí marcanna a athrú just chun déanamh cinnte go mbeadh an bell curve céanna ann ag an deireadh. Is cuimhin liom, nuair a bhí mo mháthair ag déanamh marcála ar pháipéir ealaíne, bhí céatadán áirithe a bhí le A a fháil agus céatadán eile a bhí le B a fháil. I slí amháin, is cuma cad atá sa pháipéar, beidh an líon céanna ag fáil marcanna áirithe. Ní chuidíonn sé sin le meas a bheith ag daoine sa chur chuige atá ag an gcoimisiúin nó tacú leis. Aontaím leis an treo ina bhfuil an scrúdú ag dul i mbealach amháin ach, toisc gur páipéar nua agus treo nua ó thaobh an teastais shóisearaigh atá ann, is trua go bhfuil raic ar an scrúdú sin óna chéad lá seachas go bhfuil daoine ag rá go bhfuil sé go hiontach, gurb é sin an bealach ceart, go gcuirfidh sé le níos mó caidrimh idir na páistí agus an múinteoir sa rang agus go mbeadh siad níos flúirsí sa teanga, rud a chuideodh leis an scrúdú agus le dul chun cinn na Gaeilge.

Cuireadh ceist chugam le déanaí. Níl mé cinnte faoi mar níor fhéach mé ar an bpáipéar a bhí ann ach dúirt an scríbhneoir nach raibh cur síos ar na marcanna i gcomhair codanna de cheist 1 ar fáil anuraidh. Bhí ceist 1(a), 1(b) agus 1(c) ann. Bhí figiúr ann don cheist ach ní raibh sé briste síos. Ní raibh sé soiléir. Níl a fhios agam ar chuir sé sin as do mhórán páistí. B'fhéidir gur cuireadh an cheist seo chugam ar son múinteoirí atá ag iarraidh cuidiú le daltaí atá chun tabhairt faoin scrúdú i mbliana.

Níl a fhios agam an bhfuil an Seanadóir Ó Donnghaile ag iarraidh teacht isteach. Níl. Tá cúpla rud eile agam. Nuair a d'fhéach mé siar ar an méid a bhí an gréasán tar éis lua liom, thug mé faoi deara go raibh a lán de ag baint leis an CNCM. Mar a dúirt mé, fiafróidh muid den eagraíocht sin ar tháinig sé ar réiteach difriúil maidir leis an scrúdú seo.

Ní scrúdú é ach déantar measúnú ar an nGaeilge labhartha sa rang. Níl baint ag an gcoimisiún leis sin. Níl aon ghrád nó figiúir i gceist leis sin. Ní théann an méid a dhéanann daltaí sa rang leis an scrúdú scríofa. Ní béaltriail é ach measúnú rangbhunaithe. Conas is féidir cur ina luí ar dhaltaí go bhfuil buntáiste le díriú air sin agus gur chóir go ndéanfaidh siad amhlaidh toisc go mbeadh sé ina chuidiú dóibh i dtaobh an scrúdaithe scríofa? Dar le múinteoir amháin, toisc go dtuigeann na daltaí nach bhfuil aon mhór-bhuntáiste dóibh, tá siad ag déanamh neamhaird ar an gcuid sin den mheasúnú agus ag titim siar nuair a thagann an scrúdú dá réir. An féidir leis na finnéithe aon rud a rá faoin gceist sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.