Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

I mí an Mheithimh seo caite, fuair a lán dúinn ríomhphoist chrosta ó mhúinteoirí agus ó roinnt tuismitheoirí a raibh na daltaí nó páistí acu ag teacht abhaile tar éis scrúdú ar shíl siad é a bheith i bhfad ródheacair dóibh don leibhéal ar a raibh siad. Bhí na múinteoirí crosta mar shíl siad nach raibh siad ar an eolas i gceart ar na topaicí nó a leithéid a mbeadh á bplé sa pháipéar scrúdaithe agus nach raibh sé ag cloí leis an bpáipéar samplach a bhí tugtha dóibh. Sin é an fáth gur thug mise an deis dóibh teacht os ár gcomhair, is é sin, le féachaint ar a raibh go díreach san fhadhb. Is é cuid den jab atá againn ná an Ghaeilge a chur chun cinn agus má tá rud ag tarlú atá ag tabhairt lagmhisnigh do thuismitheoirí nó do dhaltaí, beimid ag breathnú air ó thaobh na Gaeilge de agus cur chun cinn na Gaeilge. Ba chóir dúinn é sin a fhiosrú.

Nuair a tháinig na dreamanna difriúla os ár gcomhair amhail an Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge agus roinnt múinteoirí agus mic léinn, dúirt gach uile dhuine acu nach raibh an páipéar samplach ag luí leis an bpáipéar a bhí ann anuraidh. Tá sé sin thart ar shlí amháin agus tá an chuma air go bhfuil na finnéithe ag rá go raibh an páipéar ag teacht leis, ach an bhfuil aon treoracha nua nó eolas breise curtha ar fáil do na múinteoirí don bhliain scrúdú seo? Táimid anois i mí an Mhárta. Tá na múinteoirí tar éis tréimhse a chaitheamh ag múineadh. Tá dhá mhí eile sula gcríochnóinn na daltaí sa tsraith shóisearach ar an staidéar agus tá scrúdú os á gcomhair ansin. An bhfuil aon athrú suntasach ag tarlú? Luadh scéim marcála nua nó athraithe.

Bhí topaicí luaite san ábhar ar shíl mise go mbeidís deacair go leor d'aon dalta. Bhí emojis agus aeráid luaite. Bheadh na hábhair sin deacair go leor dóibh siúd atá ar an ngnáthleibhéal déileáil leo. Má táimid chun bheith ag plé le hábhair ar an bpáipéar Gaeilge atá chomh teicniúil casta sin, caithfidh sé sin a bheith san áireamh ó thús nuair a théann na páistí isteach sa chéad bhliain.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.