Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht é sin, ach tá gá le scrúdú béil ó thaobh na teanga de. Tá neamhaird á déanamh anseo. Tá na finnéithe ag rá, arís agus arís eile, gur leor é go bhfuil sé mar chuid den mheasúnú atá ag tarlú laistigh den rang. Tá na múinteoirí agus saineolaithe ag rá go soiléir dúinn go bhfuil gá le béim ar scrúdú béil, ó thaobh na teanga de, ó thaobh chomh tábhachtach agus atá sé ag cur in iúl gur teanga bheo bhríomhar í agus ó thaobh na hardteistiméireachta atá ag teacht dhá bhliain ina dhiaidh sin. Ní saineolaí mé ach aontaím leo go bhfuil gá le scrúdú béil a bheith ar ais mar chuid lárnach den scrúdú, cosúil leis an ardteistiméireacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.