Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Níl fadhb ar bith agam le bealach nua. Is í an fhadhb atá agamsa ná nach bhfuil sé sin á léamh agam ó thaobh na n-aighneachtaí de. Is í sin an t-aon fhadhb atá agam. Tá siad ag rá os ár gcomhair anseo go bhfuil fadhbanna ollmhóra ar an talamh. Ní saineolaí nó múinteoir mé agus níl mé ach ag iarraidh a chur in iúl an méid atá curtha os ár gcomhair. Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag rá rud amháin agus tá siadsan ag rá rud eile. Tá mé ag cur ceiste orm féin faoin bhfáth a bhfuilimid ag an bpointe seo. Cé hiad an "triumverate" seo a luaigh Andrea Feeney?
No comments