Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
I do not know. Ní saineolaí mé ach is féidir liom éisteacht agus léamh. Tá neart cloiste agus léite agam. Tá an méid atá á rá ag na bhfinnéithe ag teacht iomlán salach ar an méid atá cloiste againn. Níl a fhios agam cá bhfuil an réiteach air seo. Ar leibhéal amháin, tá na bhfinnéithe ag rá nach mbaineann an cheist seo leo, ach ar an leibhéal eile, tá cosaint láidir á déanamh acu ó thaobh smaoineamh criticiúil agus aontaím leo. Is é sin an saghas oideachais atá ag teastáil uainn ach ní hé sin atá ag tarlú. Dar leis na haighneachtaí, tá lagmhisneach ar na daltaí agus ar na múinteoirí agus níl mé ach ag athrá an méid atá sna haighneachtaí seo. Níl a fhios agam an aontaím leo ach is é sin an méid atá siad ag cur os ár gcomhair. Cad a dhéanfaimid leis seo? Tá sé ciallmhar agus meabhrach éisteacht leo agus ciallmhar, b'fhéidir, athbhreithniú a dhéanamh agus a fháil amach cad iad na fadhbanna atá ann. An bhfuil athbhreithniú ar siúl faoi láthair ó thaobh an scrúdaithe de?
No comments