Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tuigim é sin ach ag eascairt as na hathruithe sin, ní maith liom na focail “níos laige” a úsáid ach maidir leis na daltaí a bhí agus atá níos laige, níl deis acu an bunleibhéal a dhéanamh anois agus tá orthu, dá bharr, obair i bhfad níos deacra agus níos casta a dhéanamh de bharr an chinnidh sin. Arís, deir mé leis na finnéithe gan aon rud a rá muna mbaineann sé leo. Is iad seo na deacrachtaí atá ar an talamh anois. Cá bhfuilimid ag dul, a Chathaoirligh?
No comments