Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tuigim an trioblóid. Tá an coimisiún ann chun polasaí a chur i bhfeidhm.

Níl baint ar bith ag na finnéithe maidir leis an bpolasaí ach chun é a chur i bhfeidhm. Ag an am céanna, tá na finnéithe ag seasamh leis gur rud maith é. Ní féidir an dá thrá a fhreastal. Má tá na finnéithe ann le polasaí a chur i bhfeidhm, aontaím leis sin agus níl locht ar bith orthu. B'fhéidir go bhfuil an ceart acu go mba chóir go mbeadh dream eile os ár gcomhair. Dar le méid na n-aighneachtaí atá agam, agus is dócha go bhfuil cúpla ceann in easnamh mar bhí mé in ann mo lámh a chur ar an méid sin, tá siad ag cur in iúl arís is arís eile na lochtanna ó thaobh an chur i láthair nó an chur chuige nua. Go praiticiúil, tá na finnéithe ag rá go bhfuil scileanna teanga agus labhartha i gceist. Tá na haighneachtaí atá agam ag rá soiléir go bhfuil gá le scrúdú labhartha mar chuid den scrúdú, agus go mbeadh na torthaí mar chuid de na torthaí iomlána. Níl sé sin ann faoi láthair.

Tá na haighneachtaí ag rá nach raibh aon nasc idir an t-aon pháipéar samplach a cuireadh ar fáil agus an scrúdú a bhí le déanamh ag na daltaí mar go raibh siad iomlán difriúil. Dar leo bhí an tsonraíocht iomlán doiléir. Is é an rud a léimeann amach ó na haighneachtaí ná go bhfuil siad ag iarraidh soiléireachta níos fearr ó thaobh téama agus ábhar di, agus go bhfuil an scrúdú mar atá sé ró-chasta agus ró-dheacair do na daltaí, ag cur san áireamh nach bhfuil an tríú scrúdú i gceist níos mó ag an mbunleibhéal. Dar le cuid acu, tá cuid den scrúdú níos deacra ná scrúdú ardteistiméireachta.

Mura bhfuil daoine in ann teacht ar ais agus mé a cheartú, b'fhéidir gur am amú i ndáiríre é. Nílim ag cur locht ar bith ar na bhfinnéithe agus tá céad míle fáilte rompu, ach tá mé ag iarraidh a fháil amach cén fáth go bhfuil na dreamanna eile ag teacht os ár gcomhair agus iad go hiomlán míshásta ach go bhfuil na bhfinnéithe anseo ag rá gurb é sin an polasaí agus nach mbaineann sé leo. Tuigim é sin agus ba chóir dóibh é seo a phlé le dreamanna eile. An é sin bun agus barr an scéil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.