Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá sé sin suimiúil. Os mo chomhair, agus mar réamhobair don chruinniú, tá roinnt de na haighneachtaí agus ráitis tosaigh a bhí le léamh againn nuair a tháinig daoine áirithe os ár gcomhair. Táim ag breathnú anois ar ráiteas achomair Eimear Kilrane thar ceann foireann na Gaeilge Choláiste Ráth Tó. Thug sí ráiteas cuimsitheach dúinn. Deirtear sa ráiteas scríofa:

Tá sé deacair a bheith dóchasach faoi láthair faoi chúrsaí Gaeilge sa tSraith Shóisearach. Tá líon na ndaltaí inár scoil atá ag iarraidh tabhairt faoin nGnáthleibhéal in ionad Ardleibhéal sa tSraith Shóisearach níos airde ná riamh.

Tá cúig nó sé leathanach agam anseo. Is é an pointe atá á dhéanamh aici ná "Ní fhéadfaimís ar fad a bheith mícheart anseo". B'fhéidir nach bhfuil mé féaráilte. Táim ag iarraidh a bheith féaráilte. Is cur i láthair amháin é sin. Tá cur i láthair eile ó Shamhain 2022 agam ó Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann. Tháinig ionadaithe ón aontas os ár gcomhair agus chuir siad in iúl dúinn go raibh siadsan míshásta. Tá ceann eile agam ón nGréasán do Mhúinteoirí Gaeilge. Thug an gréasán dhá aitheasc iomlána agus achoimre dúinn. Rinne siad cur síos cruinn ar na fadhbanna a bhí aimsithe acu. Níl an coimisiún ar an eolas faoi na haighneachtaí seo. Ar bhreathnaigh na finnéithe ar na cuir i láthair nuair a tháinig na daoine sin os comhair an choiste seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.