Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Tá an togra seo maidir le T1 agus T2 ag dul siar go 2017. An bhfuil an ceart agam? Is sé bliana ó shin é sin. Ansin, de bharr na paindéime Covid, ní raibh scrúdú i gceist go dtí an bhliain seo caite. Chun a bheith cruinn, is iad sin na fíricí cearta. An bhfuil an coimisiún ag easaontú liom go raibh ruaille buaille i gceist ó thaobh an scrúdaithe sin an bhliain seo caite? Bhí na múinteoirí agus daltaí iomlán míshásta. An bhfuil mé mícheart? An bhfuil na finnéithe ar an eolas go raibh a lán daoine míshásta? Fágfaidh mé é ag an bpointe seo chun freagra a fháil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.